I bhfad sula raibh baint ag Vincent Kompany leis an an bhfostú is aisteach sa sacar idirnáisiúnta, ba é Mick O’Dwyer an chéad bhainisteoir in Éirinn a bhí ag gluaiseacht.
Tar éis buanna móra le Ciarraí bhog Micko go Cill Dara (Kildare), áit ar thug sé chuig cluiche ceannais na hÉireann iad, cé go raibh an bua ag Gaillimh orthu.
Agus ag am amháin bhí sé ina bhainisteoir ar Chill Mhantáin (Wicklow).
Nuair a chuaigh sé i gceannas ar Chill Mhantáin dúirt Micko go raibh sé ag iarraidh imreoirí nua a fheiceáil ag teacht chun cinn, agus tugadh foláireamh dó go dtiocfadh leath peileadóirí an chontae aníos.
‘Abair leo teacht,’ arsa Micko.
Agus d’fhoghlaim siad siúd a bhí ann, ceann de na fáthanna a raibh Micko ina bhainisteoir iontach.
Leag sé amach a phlean oiliúna (training), an ceann a mbíonn imreoirí móra peile de chuid Chiarraí ar nós Pat Spillane fós ag caint faoi, agus lean sé leis.
Níor tháinig an iomarca ar ais don dara lá.
Ach tá níos mó ná sin ag baint le bainisteoir iontach a dhéanamh.
I saol an CLG, ní bhíonn bainisteoirí róthógtha riamh nuair a fhiafraítear díobh, an bhfuil siad maith go leor lena bpost a choinneáil – is cuma cé chomh dona is atá rudaí dá bhfoireann.
Má tá amhras ort faoi sin, níl le déanamh ach ceist a chur ar bhainisteoir Thiobraid Árann, Liam Cahill (CLICEÁIL ANSEO CHUN AN SCÉAL SIN A LÉAMH).
Ní hé an scéal céanna é le sacar sa Phríomh-Shraith i Sasana, áit a mbíonn ceannairí tapa go leor chun buataisí agus bóthar a thabhairt do bhainisteoirí.
Ach rud amháin nach bhfuil daoine ag súil leis sa chultúr neamhthrócaireach sin, ná bainisteoir a d’éirigh leis a chlub a dhíbirt (relegate), ceann de na poist is fearr sa sacar a fháil.
Tá Vincent Kompany ceaptha mar bhainisteoir nua ag Bayern München.
Go deimhin bhí an oiread sin fonn orthu é a fhostú gur aontaigh siad €12 milliún a thabhairt do Burnley i bpacáiste cúitimh (compensation) dóibh.
Tá sé ráite ag go leor daoine go gcaithfidh ceannairí Bayern a bheith craiceáilte as an mbainisteoir a fhostú a bhí freagrach as Burnley dul síos ón bPríomh-Roinn le 24 pointe.
Aisteach go leor, tá teoiric amháin faoin fáth a bhfuair sé an post. Sé sin, ní raibh aon duine eile ag iarraidh é.
I measc na ndaoine a dhiúltaigh é tá: Xabi Alonso, Julen Lopetegui, Jürgen Klopp, Oliver Glasner, Julian Nagelsmann, Ralf Rangnick, Roger Schmidt agus Alan Curbishley.
D’iarr siad fiú ar a mbainisteoir féin, Thomas Tuchel, nach raibh bliain mhaith aige, fanacht leo. Ach diúltaigh seisean freisin.
Cé gur cosúil go bhfuil easpa scileanna bainistíochta ag Kompany, níl aon easpa féinmhuiníneach aige.
Ag a chéad phreasagallamh dúirt sé le tuairisceoiri: ‘Tá mé díreach tar éis teacht isteach sa chlub ach táim ag tosú a thuiscint beagán ar an bpróiseas earcaíochta (recruitment) atá i gceist, agus caithfidh mé a rá go gciallaíonn an fhíric go bhfuil mise anseo, go bhfuil jab an-mhaith á dhéanamh acu.’
Dúirt sé freisin: ‘Ní thuigeann sibh mar tá mé beagáinín cúthail, ach bhí an t-ádh dearg orm go raibh an-suim ionam ó chlubanna eile freisin.’
Ní dúirt sé, áfach, cé chomh sinsearach is a bhí na clubanna sin – agus ní raibh an mhuinín ag aon duine de na tuairisceoiri a bhí i láthair ceist a chur air arbh iad iománaithe Thiobraid Árann ceann acu!
Mar sin féin, tá na tráchtaireí go hiontach ag rá linn go bhfuil bainisteoir go hiontach agus é ag déanamh go hiontach.
Agus tá siad go hiontach freisin ag rá linn go bhfuil siad go dona agus é ag déanamh go dona.
Ach cé atá in ann insint dúinn cé hiad na bainisteoirí atá go hiontach nuair atá siad ag déanamh go dona?
Má tá ten Hag chomh dona sin cén fáth ar cheap Manchester United é?
Ceapann an chuid is mó de lucht leanúna Chelsea go raibh an club craiceáilte agus iad ag fáil ré le Mauricio Pochettino, cé go raibh séasúr uafásach acu.
Mar sin féin tá siad ag iarraidh Thomas Tuchel ar ais!
Mar sin, conas a aimsíonn tú bainisteoir maith? Gné thábhachtach amháin ná gur féidir bainisteoir na himreoirí a bhainistiú. Ní tasc éasca é sin.
Mar shampla, nuair a bhí Liam Cahill ag caint leis an tuairisceoir, cé go raibh fearg air, d’fhreagair sé a cheist i ndáiríre freisin.
Dúirt sé go raibh lántacaíocht aige ó bhord an chontae, agus – i bhfad níos tábhachtaí – go raibh an tacaíocht chéanna aige ó na himreoirí.
Is cuma cén spórt é nó fiú cén leibhéal. Labhair John Carmody, bainisteoir fhoireann camógaíochta an Chláir faoin gcaoi ar éirigh lena imreoirí óga, gan taithí, teacht ar ais i gcoinne an Dúin toisc go raibh creideamh acu iontu féin.
Ach tagann an creideamh sin as a gcreideamh ina mbainisteoir. (CLICEÁIL ANSEO CHUN AN SCÉAL SIN A LÉAMH).
D’éirigh le Jurgen Klopp imreoirí óga gan taithí a spreagadh chun imirt i gcoinne na himreoirí is fearr agus is oilte sa Phríomh-Shraith agus an bua a fháil orthu, i gcluichí a spreag na ceannlínte ‘Kindergarten Klopp’.
Mar sin b’fhéidir nach bhfuil na ceannairí ag Bayern chomh craiceáilte sin.
Mar shampla, d’éirigh thar barr le Kompany ina chéad séasúr le Burnley. Bhuaigh siad an Craobhchomórtas (Championship) le 101 pointe agus tugadh ardú céime dóibh go dtí an Phríomh-Shraith.
Agus dúirt sé leis an phreasagallamh freisin: ‘Tá mé ag tnúth anois leis na rudaí is bunúsaí: ag obair leis na himreoirí, ag tógáil foireann. Nuair a bheidh an dúshraith sin i bhfeidhm, éireoidh le gach rud eile.’
Tá sé suimiúil go raibh Bayern chomh fonnmhar sin ar Kompany a fháil mar bhainisteoir (cé nach é an chéad rogha a bhí acu!).
Is é an rud atá níos suimiúla fós, áfach, ná gur theastaigh ó Burnley go bhfanfadh sé.
Faoi dheireadh níor éirigh le foireann John Carmody, An Clár, ag imirt in aghaidh Bhaile Átha Cliath ag an deireadh seachtain, i Glen Dimplex Craobh Chamógaíochta na hÉireann.
Ach tá foireann óg aige agus tá meas aige orthu, agus tá meas acu air. Mar sin feicfimid.
Bhí dóchas iontach ag foireann sacair na hÉireann do bhainisteoir amháin nuair a chuaigh sé i gceannas, ach chaill sé a chéad chluiche. Agus chaill sé é i gcoinne foireann lag ón mBreatain Bheag. Ba é an bainisteoir sin Jack Charlton.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.