Déanfar cinneadh maidir le todhchaí Stephen Kenny mar bhainisteoir na hÉireann ag cruinniú de bhord stiúrthóirí an FAI Dé Máirt seo chugainn, de réir tuairiscí.
Tá an Irish Daily Mail ag tuairisciú go bhfuil scoilt ar an mbord 10 nduine maidir le cead a thabhairt do Kenny leanúint ar aghaidh ar feadh an chuid eile den fheachtas Euro 2024, nó an chuid eile dá chonradh a íoc leis agus bainisteoir eile a aimsiú.
Agus tá duine eile ar intinn ag an FAI cheana féin má fhaigheann siad réidh le Kenny.
Tá Lee Carsley, bainisteoir Shasana Faoi 21, ar radar an FAI má shocraíonn an bord bogadh i gcoinne Kenny, tar éis dó ach cúig cinn dá 24 chluiche iomaíoch a bhuachan, agus 12 a chailleadh.
Ba bhreá leis Roy Keane, iar-chaptaen na hÉireann agus Uimhir 2 do Martin O’Neill ó 2013 go 2018, an post a fháil cé nach mbeadh sé saor.
Lorgóidh an bord tuairimí Príomhfheidhmeannach an FAI, Jonathan Hill, agus Stiúrthóir Peile an FAI Marc Canham ar sheasamh Kenny.
Tuigtear go bhfuil an tacaíocht do Kenny tite tar éis an bhua chostasach 2-1 ar an nGréig.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Tá Taylor Swift ag teacht – agus seo an bealach le clárú le haghaidh ticéid an tseachtain seo
Chabhraigh bua na hÉireann 3-0 ar Ghiobráltar oíche Dé Luain le Kenny a shábháil, ar feadh tamaill ar a laghad. Dá mba rud é gur thárla aon rud eile bheadh an FAI ag bogadh in a aghaidh láithreach.
Má chinneann an bord gan faic a dhéanamh, d’fhéadfadh Kenny a bheith ag súil le fanacht go dtí deireadh a chonartha a fheiceáil, atá ceangailte le rannpháirtíocht na hÉireann in Euro 2024.
D’fhéadfadh go mbeidh mui sna ‘play-offs’ i mí an Mhárta, mar níl aon rud cinnte.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Rodgers ar ais leis na Bhoys – agus Celtic ag amharc go dóchasach ar an am atá le teacht
Tar éis an chluiche oíche Dé Luain, thug Kenny óráid fhada paiseanta agus é ag cosaint a thaifead sa bhainistíocht.
‘Tá athrú iomlán déanta againn ar an gcaoi a n-imríonn an fhoireann. Tá foireann á tógáil againn le dhá bhliain anuas chun iarracht a dhéanamh cáiliú (do na Euros),’ a dúirt Kenny.
Dúirt Kenny nach raibh sé cinnte an mbeadh Seamus Coleman in ann filleadh ar ais i mí Mheán Fómhair nuair a imreoidh Éire in aghaidh an bhFrainc, as baile, ar 7 Meán Fómhair, agus an Ollainn sa bhaile ina dhiaidh sin ar an 10 Meán Fómhair.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.