Tá bainisteoir FAI nua againn, Heimir Hallgrimsson, fear leis an lámh in uachtar ar an ‘sean-namhaid’!

11/07/2024

Is é Heimir Hallgrimsson bainisteoir nua na hÉireann – bhí an bua aige ar Shasana agus thug sé an Íoslainn go dtí an rangú is airde ar domhan riamh.

Tá iar-cóitseálaí Íoslainnis, Heimir Hallgrimsson, fógartha ag an FAI mar bhainisteoir nua ar fhoireann sacair Phoblacht na hÉireann.

Tá an chuid is mó de lucht leanúna ar na meáin shóisialta ag spraoi leis an eolas go raibh sé ina chomh-bhainisteoir ar fhoireann a bhuaigh in aghaidh Shasana.

Agus cén fáth nach mbeadh? Ach is fiú a lua gur bhain an Íoslainn a rangú FIFA is airde riamh ar domhan – an 18ú háit – le linn Hallgrimsson i gceannas.

Heimir Hallgrimsson
Heimir Hallgrimsson

Cuireann an nuacht deireadh le cuardach beagnach ocht mí do chomharba (successor) Stephen Kenny, tar éis don fhear as Bhaile Átha Cliath dul as a phost i mí na Samhna seo caite.

Thosaigh Hallgrimsson mar bhainisteoir cúnta le bainisteoir na hÍoslainne Lars Lagerback i 2011, agus chuaigh sé ar aghaidh ag comhbhainistiú leo ó 2013 go dtí 2016.

Thug sé féin agus Lagerback an Íoslainn chuig na cluichí ceathrú ceannais de Euro 2016.

Agus sular shroich siad na cluichí ceathrú ceannais sin, bhuaigh siad in aghaidh Shasana chun iad a chur as an áireamh.

Bhí sé sna hocht gcinn dheireanacha nuair a chaill siad in aghaidh taobh láidir na Fraince.

Tar éis na Euros, bhí Hallgrimsson i gceannas ar an taobh náisiúnta leis féin, nuair a d’éirigh Lagerback as.

Threoraigh sé an Íoslainn chuig cáiliú do Chorn an Domhain i 2018, sular imigh sé ón ról lena thír dhúchais tar éis an chomórtais sa Rúis.

Bhain an Íoslainn a rangú FIFA is airde riamh, sé sin an 18ú háit ar domhan, le linn sealbhaíochta Hallgrimsson.

Chuaigh sé ar aghaidh ag bainistiú ag leibhéal an chlub i gCatar (Qatar) le Al-Harabi, sular ghlac sé seilbh ar fhoireann náisiúnta Iamáice (Jamaica) i Meán Fómhair 2022.

Tar éis dó cabhrú leis na Reggae Boyz cáiliú do chomórtas Copa America i mbliana, d’éirigh Hallgrimsson as a phost mar bhainisteoir, tar éis caillteanais i gcoinne Meicsiceo, Eacuadór agus Veiniséala.

Mhol an FAI Hallgrimsson as a chumas foirne idirnáisiúnta a bhogadh suas i rangú domhanda FIFA, ag cáiliú agus ag dul san iomaíocht ag mórchomórtais agus ag forbairt imreoirí óga.

Is buanna iad atá de dhíth go mór ar bhainisteoir fhoireann na hÉireann, mar a déarfaidh formhór an lucht leanúna leat.

Beidh an chéad chluiche ag Hallgrimsson i gceannas ar na Boys in Green ar siúl i gcoinne Shasana i Sraith na Náisiún ar an 7 Meán Fómhair.

Chuir sé síos ar a cheapachán mar ‘onóir’ agus dúirt sé go bhfuil sé mar aidhm aige ‘cáilíocht a dhéanamh agus dul san iomaíocht ag comórtais mhóra ar bhonn rialta’.

Dúirt sé: ‘Táim ag tnúth le bheith ag obair go dlúth leis na himreoirí chun cabhrú leo agus iad a threorú i dtreo feidhmíochtaí agus torthaí feabhsaithe, ag cinntiú go gcáilímid agus go mbeimid in iomaíocht ag comórtais mhóra ar bhonn rialta.

‘Táim ag iarraidh freisin aithne a chur ar mhuintir na hÉireann agus go háirithe ar lucht leanúna iontach na peile.

‘Tá sé de fhreagracht orm ár bhfoireann a oiliúint, a ullmhú agus a fhorbairt chomh maith agus is féidir chun torthaí a bhaint amach ar an bpáirc agus go mbeadh lucht tacaíochta bródúil astu.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram