Ní raibh Liam Cahill róthógtha leis an gceist nuair a d’iarr tuairisceoir air faoina thodhchaí mar bhainisteoir iomána Thiobraid Árann.
Chaill Tiobraid Árann a gcluiche in aghaidh an Chláir le trí phointe rud a chiallaigh go bhfuil foireann Liam Cahill sa bhun áit, tar éis trí chailliúint agus gan ach comhscór amháin ina gceithre chluiche.
Tháinig Cahill isteach mar bhainisteoir ina dhiaidh Colm Bonnar roimh fheachtas 2023, agus ní raibh a chéad séasúr ach beagán níos fearr ná iarracht na bliana seo.
Ó bhuaigh siad Corn Liam Mhic Cárthaigh (Liam Mac Carthy) an uair dheireanach i 2019, níl Tiobraid Árann tar éis dul thar an bhabhta cheathrú ceannais i gCraobh na hÉireann.
Tá imní ag dul i méid i measc lucht leanúna ceann de na contaetha le traidisiúin láidir san iománaíocht.
Tar éis cailliúint an Domhnaigh in aghaidh an Chláir, bhí Cahill ag freagairt ceisteanna ó thuairisceoirí nuair a fiafraíodh dár bhraith sé go raibh sé ‘an fear ceart chun Tiobraid Árann a thabhairt chun tosaigh’.
Ghlac bainisteoir Thiobraid Árann col (exception) láithreach leis an gceist agus chas sé na táblaí ar an tuairisceoir.
D’fhiafraigh sé den iriseoir cad é a thuairim féin. Dúirt sé ansin go raibh lántacaíocht aige ó bhord an chontae chomh maith leis an scuad imeartha.
D’fhreagair sé: ‘Níl a fhios agam, cad a cheapann tú? Táim ceaptha ar feadh téarma trí bliana, níl aon amhras orm faoi sin.
‘Glacaim “umbrage” leis an gceist sin, i ndáiríre. Okay. Tá téarma trí bliana agam, b’fhéidir síneadh bliana.
‘Tá tacaíocht iomlán bord an chontae agam, tá siad 100% taobh thiar díom.
‘An rud atá fíorthábhachtach domsa agus do m’fhoireann bhainistíochta ná go bhfuil tacaíocht 100% agam ó imreoirí [Tiobraid Árann] béal dorais, mar sin ní ceist í sin fiú.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.