Tá deireadh curtha ag ceannaire an HSE le foireann bainistíochta agus riaracháin (managerial and administrative staff) a fhostú tar éis d’ospidéil róchaiteachas (overspending) beagnach €150 milliún sa chéad dá mhí den bhliain, dar le tuairisc san Irish Times.
Tá níos mó ná 5,200 grád bainistíochta agus riaracháin curtha leis an tseirbhís sláinte ó mhí na Nollag 2019 – duine as gach ceathrar den fhoireann ar fad a earcaíodh (recruited).
Tá thart ar 24,000 bainisteoir agus riarthóir fostaithe ag an HSE, a deir go bhfuil siad ag leanúint ar aghaidh ag earcú i réimsí eile chomh maith.
Anois tá ‘sos sealadach’ ordaithe ag bainisteoir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Health Service Executive, HSE), Bernard Gloster, ar an earcaíocht.
Bhí an HSE ag leanúint ar aghaidh ag glacadh le bainisteoirí agus riarthóirí ar ráta níos airde ná mar a dhéanann dochtúirí, altraí agus gairmithe sláinte eile.
Le trí bliana anuas, earcaíodh níos mó ná dhá oiread foirne sna catagóirí seo, i gcomparáid le dochtúirí.
Rinne urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane cur síos ar an ráta fostaithe na ngrád bainistíochta agus riaracháin san HSE mar ábhar imní.
‘Is é an rud a thaispeánann na sonraí seo dom ná go bhfuil sé i bhfad níos éasca agus níos gasta foireann bainistíochta agus riaracháin a earcú, agus is é sin an fáth go bhfuil méadú ag teacht ar na huimhreacha seo.
‘Tá sé i bhfad níos deacra oibrithe cúram sláinte túslíne (frontline) a earcú mar níl na huimhreacha a theastaíonn uainn ann.
‘Is teip é sin i bpleanáil an fhórsa saothair (workforce). Theip ar Rialtas in a dhiadh Rialtas pleanáil fórsa saothair sláinte a dhéanamh i gceart.
CLIC ANSEO CHUN SCÉAL EILE A LÉAMH:
Gaillimh go brách! An craic le seó Tubridy ar an mbóthar
‘Ag an am céanna, tá go leor dár gcéimithe (graduates) óga agus gairmithe a bhfuil taithí acu tar éis bogadh thar lear le blianta beaga anuas chun oibriú i gcórais sláinte níos fearr.’
Chaith ospidéil róchaiteachas beagnach €150 milliún ar a mbuiséad sa chéad dá mhí den bhliain seo, a chualathas ag cruinniú boird de chuid an HSE ar 31 Márta seo caite.
An tseachtain seo caite, tugadh foláireamh do na hairí faoi ‘riosca airgeadais’ méadaitheach do bhuiséad na Roinne Sláinte.
Ag deireadh 2022, bhí €1.4 billiún breise ag teastáil ón Roinn.
In ainneoin an bhuiséid is airde riamh de €23.7 billiún i mbliana, maíonn an HSE go bhféadfadh an tsuim seo a bheith níos mó ná €2 billiún gann ar a raibh de dhíth uirthi chun an tseirbhís sláinte a eagrú.
Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá, do dhaoine le ‘school Irish’ agus Gaeilgeoirí líofa.
Tá na focail simplí. Tá roinnt focal idir lúibíní (brackets) i mBéarla chun cabhrú le léitheoirí agus tá na scéalta gearr.
Le dul ar liosta ríomhphoist www.ExtraG.ie (email list) nó ar WhatsApp, abair ‘Tá’ ar ríomhphoist go joeextragdotie.ie nó text chuig 0867780408.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.