Ní hé O’Shea, a deir Kerr, ach beidh a fhios agaibh go luath

28/03/2024

Tá Brain Kerr ag moladh John O’Shea ach deir sé go bhfuil duine eile ag an FAI réidh le bheith ina bhainisteoir nua

Dúirt Brian Kerr nach bhfuil an FAI ag smaoineamh ar John O’Shea a bheith ina bhainisteoir buan ar Éirinn – is cosúil go bhfuil an cinneadh déanta cheana féin ar iarrthóir eile.

Bhí go leor cainte faoi O’Shea ag fáil an post le linn a thréimhse mar bhainisteoir eatramhach le linn an dhá chluiche cairdiúil le déanaí leis an Bheilg agus an Eilvéis.

John O’Shea
John O’Shea

Deir Kerr, áfach, go bhfuil an FAI ag cloí le rogha a rinneadh seachtainí ó shin, agus an Stiúrthóir Peile (Director of Football) Marc Cahham ag rá go ndéanfar bainisteoir nua a cheapadh go ‘luath i mí Aibreáin’.

Dúirt Kerr le Virgin Media: ‘Ba iad na comharthaí go léir a tugadh dom nuair a chuathas i dteagmháil liom i dtosach ná go raibh duine eile ag an FAI, go bhfuil duine éigin eagraithe acu, agus go dtarlóidh sé sin am éigin i ndiaidh an dá chluiche seo.

‘Mar sin glacaim leis gur mar sin atá an scéal fós. Níl a fhios agam cad é an seasamh cruinn ach tuigim go bhfuil duine éigin eile ag an FAI agus mura gcloisim a mhalairt, is é sin atá i ndán dúinn.’

Dréachtaíodh Kerr isteach mar chomhairleoir teicniúil do O’Shea ar bhonn gearrthéarmach (shórt-term) agus mhol sé iar-chosantóir na hÉireann as an mbealach a d’fheidhmigh sé agus é i gceannas go sealadach.

Dúirt sé: ‘Táim cinnte go mbeidh páirt ag John sna socruithe amach anseo, bíodh sé leis an gcéad bhainisteoir eile nó le cuid de na foirne faoi aois eile.

‘Tá an-taithí aige ar na clubanna a raibh sé ag obair leo agus leis na bainisteoirí éagsúla ar oibrigh sé leo agus dúirt sé féin go bhfuil sé ag iarraidh dul i mbun bainistíochta.

‘Cheapfainn nach ndearna sé aon dochar dó féin sa dá chluiche seo sa chaoi ar oibrigh sé agus mar a chuaigh sé i mbun a ghnó.’

Ní raibh aon éileamh (demand) ar O’Shea a bheith ina bhainisteoir buan d’Éirinn oíche Dé Máirt tar éis teip ar na foirne ina gcluiche cairdiúil in aghaidh na hEilvéise.

Ach níor chuir sé sin stop le bainisteoir sealadach na hÉireann a rá go bhfuil sé réidh le dul i gceannas.

Dúirt O’Shea go bhfuil ‘blas’ faighte aige don jab, tar éis seachtain i gceannas inar chríochnaigh Éire ar chomhscóir i gcluiche ba cheart a bheith buaite acu agus gur chaill siad cluiche ba cheart a bheith ar chomhscóir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram