Lig do Spacey dul ar ais ag obair, a deir Neeson

Éigiontaíodh (acquitted) Kevin Spacey i líomhaintí gnéis ach níor oibrigh sé mar aisteoir ó 2017 i leith

Tá tacaíocht tugtha ag Liam Neeson don fheachtas go n-atosóidh Kevin Spacey ar a ghairm bheatha aisteoireachta tar éis fadhbanna a bhaineann le líomhaintí gnéis.

Rinneadh líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis i gcoinne Spacey i 2017 agus níor oibrigh sé mar aisteoir ó shin.

Liam Neeson
Liam Neeson

Le déanaí, áfach, fuarthas éigiontú é ar roinnt cionta gnéis i dtriail i Londain, agus bhuaigh sé cás Meiriceánach inar cúisíodh é as dul chun cinn gnéis gan iarraidh a dhéanamh.

Dúirt Neeson, atá 71 bliain d’aois: ‘Is fear maith agus fear tréitheach (gifted) é Kevin. Go pearsanta, tá sé de dhíth ónár dtionscal agus is mór an trua é.’

Agus dúirt Sharon Stone: ‘Ní féidir liom fanacht le Kevin a fheiceáil ar ais ag obair. Is “genius” é.

‘Tá sé chomh galánta agus chomh spraíúil agus chomh  flaithiúil, agus tá níos mó eolais aige ar ár gceird ná mar a bheidh ag an gcuid is mó againn go deo.’

Dúirt an t-aisteoir a bhuaigh Oscar, F Murray Abraham, faoi Spacey: ‘Cé hiad na “vultures” seo a dhéanann ionsaí ar fhear a ghlac go poiblí lena fhreagracht as iompar áirithe, murab ionann agus go leor eile?’

Sharon Stone
Sharon Stone

Bhuaigh Spacey dhá Oscar; mar aisteoir tacaíochta is fearr do The Usual Suspects i 1996 agus mar aisteoir is fearr i 2000 le haghaidh American Beauty.

Mar sin féin, baineadh Spacey, atá 64 bliain d’aois, as House of Cards ar Netflix nuair a rinneadh na líomhaintí, agus seachnaíodh é i Hollywood.

Dúirt Spacey go mothaíonn sé go bhfuil sé fágtha ar lár ón tionscal go fóill.

Mar sin féin, léiríonn clár faisnéise Channel 4 Spacey Unmasked líomhaintí úra ó fhir, rud a shéan Spacey.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram