Spacey i ndeora: Deir sé gur chaill sé a ghairm bheatha agus a shaibhreas tar éis éileamh gnéis

17/07/2023

‘Níl ionam ach rómánsúil’: Tá an t-aisteoir Spacey cúisithe i 12 ionsaí gnéis ar cheathrar fear éagsúil

Bhí deora ag Kevin Spacey inné agus é ag rá leis an gcúirt gur phléasc a shaol nuair a cúisíodh é as mí-úsáid gnéis.

Dúirt sé gur chuir líomhaintí faoi ionsaí gnéis deireadh lena ghairm bheath thar oíche agus gur chaill sé a shaibhreas dá bharr.

Tháinig na chéad líomhaintí seo chun cinn sna Stáit Aontaithe.

Bhí an t-aisteoir atá 63 bliain d’aois ina réalta in The Usual Suspects agus House of Cards.

Tá sé cúisithe as dosaen ionsaithe gnéis ar cheathrar fear níos óige.

Ag tabhairt fianaise don chéad uair ag Southwark Crown Court i Londain, bhí sé ag caoineadh nuair a dúirt sé: ‘Phléasc mo shaol.

‘Bhí deifir chun breithiúnais agus sular cuireadh fiú ceist amháin orm, chaill mé mo phost, chaill mé mo chlú, chaill mé gach rud i gceann cúpla lá.’

Spacey
Kevin Spacey

Dúirt Spacey go raibh brú air ansin teacht amach mar dhuine aerach, chun brú poiblí a sheachaint nuair a tháinig líomhaintí ina choinne in 2017.

Dúirt sé gur chuir sé amach ráiteas ag admháil a ghnéasachta don chéad uair mar chuid dá shéanadh ar líomhain mhí-iompair ghnéasaigh a rinne Anthony Rapp, aisteoir a rinne iarracht nár éirigh leis €37 milliún a agairt air.

‘Bhí an-bhrú orm go raibh orm rud éigin a rá,’ a dúirt sé leis an gcúirt.

‘Bhí baill den phobal LGTBQ+ trína chéile mar tháinig mé amach agus mé ag freagairt do chúisimh – anois tuigim cén fáth go raibh sé mar sin ach níor chuir mé an dá rud sin le chéile ag an am.’

Dúirt sé go raibh deireadh lena ghairm bheatha rathúil, gur beag duine a bhí ag iarraidh oibriú leis agus nach raibh sé le feiceáil ar scáileáin ó shin i leith.

D’fhiafraigh a dhlíodóir Patrick Gibbs: ‘An fear saibhir thú anois?’ ‘Ní hea, a dhuine uasail,’ a d’fhreagair Spacey go brónach. ‘Ní raibh aon airgead agam ag teacht isteach agus tá go leor billí dlí agus rudaí le troid agam. Níor íoc mé é go léir ar ais fós, tá airgead fós faoi chomaoin agam.’

Cúisíodh an t-aisteoir sa Ríocht Aontaithe ina dhiaidh sin as dosaen ionsaithe gnéis a dhéanamh ar cheathrar fear agus é ina stiúrthóir ealaíne ar amharclann an Old Vic i Londain idir 2001 agus 2013.

Sa chúirt, dúirt sé gur bhraith sé cráite ag na héilimh.

Mar sin féin, rinne sé cur síos air féin mar ‘big flirt’.

Dúirt sé go raibh a chuid dul chun cinn ‘rómánsúil’ agus ‘bog’ gafa ag íospartaigh, a bhfuil go leor acu á agairt.

Nuair a fuair sé amach go raibh fear a mheas sé ina chara cúisithe as ionsaí gnéis a dhéanamh air, bhí sé brúite a dúirt sé.

Is seirbhís nuachta Gaeilge í www.ExtraG.ie a chuireann Nuacht agus Sport agus Siamsaíocht bhríomhar (lively) ar fáil gach lá. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fheabhsú do chuid Gaeilge is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram