Scéalta na Seachtaine: Bhris na deora ar Spacey … ansin phóg sé beirt gharda

30/07/2023

Léirigh Kevin Spacey a fhaoiseamh tar éis é a fháil neamhchiontach i naoi gcúiseamh as ionsaí gnéis

Thosaigh Kevin Spacey ag caoineadh sa chúirt tar éis é a fháil neamhchiontach i naoi gcúiseamh as ionsaí gnéis. 

Tá aithne mór ar an aisteoir, a bhuaigh Oscar, as a róil scannáin agus teilifíse lena n-áirítear House of Cards.

Beagnach sé bliana tar éis do líomhaintí faoi iompar míchuí teacht chun cinn ar an dá thaobh den Atlantach, ghlac giúiré ag Cúirt na Corónach Southwark i Londain díreach os cionn 12 uair an chloig chun teacht ar a chinneadh.

 De réir mar a fógraíodh na fíoraisc (verdicts), bhí Spacey, 64, i mbosca i lár an tseomra cúirte ag breathnú neamh-mhothúchánach.

 Ach nuair a léadh an ‘neamhchiontach’ deiridh amach, thosaigh an t-aisteoir ag caoineadh le faoiseamh.

Kevin spacey ag caoineadh sa chúirt
Kevin spacey ag caoineadh sa chúirt

Go gairid i ndiaidh an bhreith, shiúil Spacey amach as an teach cúirte, ag croitheadh ​​lámha le roinnt giúróirí ar an mbealach agus ag phógadh beirt gharda slándála ar an leiceann (cheek).

Thug sé ráiteas gairid do thuairisceoirí feithimh.

‘Tá súil agam go dtuigeann go leor agaibh go bhfuil go leor le déanamh agamsa agus a phróiseáil,’ a dúirt sé.

‘Táim thar a bheith buíoch den ghiúiré as an am a ghlacadh chun an fhianaise ar fad a scrúdú.

‘Chuir an toradh mé ar mo shuaimhneas,’ a dúirt sé, sula ndeachaigh sé isteach i dtacsaí.

Kevin Spacey le Elton John
Kevin Spacey le Elton John

Le linn na trialach a lean ar feadh beagnach míosa i Londain, chuala an chúirt ó cheathrar fear a dúirt gur ionsaigh Spacey iad idir 2001 agus 2013.

Don chuid is mó den am sin, bhí an t-aisteoir ina stiúrthóir ealaíne ar amharclann Old Vic, i Londain.

Dúirt gearánach amháin le póilíní na Breataine gur chuir Spacey lámh ar go minic gan a thoiliú.

Rinne an gearánach cur síos ar eachtraí a chuimsigh uair amháin i 2004 nó 2005 nuair a dúirt sé gur rug an t-aisteoir a chuid baill ghiniúna (genitalia) chomh crua sin gur bheag nár imigh an gluaisteán den bhóthar agus iad ag tiomáint chuig White Tie agus Tiara Ball Elton John.

 Le linn na trialach, dúirt Spacey – a tháinig ann faoina ainm iomlán, Kevin Spacey Fowler – go raibh ‘caidreamh dána’ comhthoiliúil (consensual) ag an mbeirt.

Dúirt an t-aisteoir freisin gur bhraith sé ‘brúite’ mar gheall ar tréithriú an ghearánaigh ar a dteagmhálacha.

I bhfianaise á thug Elton John dúirt an t-amhránaí, ar son chosaint Spacey, nár fhreastail Spacey ar a ‘ball’ ach uair amháin, i 2001, roinnt blianta sular dúirt an gearánach go raibh sé ann le Spacey.

Kevin Spacey
Kevin Spacey

 Dúirt gearánach eile gur scríobh sé chuig Spacey ag súil go ndéanfadh an t-aisteoir meantóireacht air, agus faoi dheireadh chuaigh sé le haghaidh deoch ag teach Spacey i Londain.

Dúirt an gearánach sin gur thit sé ina chodladh san árasán, agus gur dhúisigh sé níos déanaí agus bhí Spacey ar a ghlúine, agus é ag déanamh gnéas béil air.

Dúirt Spacey le linn na trialach go raibh gnéas béil comhthoiliúil (consensual) ag an mbeirt, agus ansin d’imigh an fear ‘go deifir’, amhail is dá mbeadh aiféala air faoin teagmháil.

Ar 20 Iúil, d’éiligh Patrick Gibbs, ionadaí dlíthiúil Spacey, go raibh triúr de na gearánaigh ag bréagadh agus a gcúiseamh déanta acu le súil le gnóthachan airgeadais.  Chuir an tUasal Gibbs i leith na líomhaintí sin mar gheall ar stíl mhaireachtála doiléir Spacey.

Ba é an triail i Londain an ceann is déanaí a chosain Spacey go rathúil.

Ní raibh sé soiléir láithreach cad a chiallóidh an breithiúnas do ghairm bheatha Spacey.

 I mí an Mheithimh, dúirt Spacey in agallamh le Zeit Magazine, irisleabhar Gearmánach, go raibh sé ar intinn aige filleadh ar an aisteoireacht tar éis na trialach.

‘Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann faoi láthair atá réidh chun mé a fhostú nuair a bheidh na táillí seo glanta agam,’ a dúirt sé.


Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.


Nuachtlitir Extrag.ie/Extra.ie Newsletter

Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram