Bhí Kevin Spacey ina réalta ar na meáin chumarsáide agus ar lucht na scannán tráth – aisteoir a d’fhéadfadh a bheith chomh gránna ar scannán go raibh meas ag lucht leanúna na scannán air.
Ach ansin cheap lucht leanúna nach raibh aisteoireacht i gceist i gcónaí, sé sin tar éis do a bheith gafa sa chonspóid #metoo.
Fiú nuair a thug Spacey aghaidh ar líomhaintí faoi mhí-iompar gnéis bhí réaltaí ar nós Elton John sásta a bheith i láthair mar fhinnéithe.
Agus tar éis an cháis cúirte sheas daoine mar Liam Neeson agus Sharon Stone ar a shon.
Mar sin féin, cé go bhfuarthas Spacey neamhchiontach i gcúirt i Londain, níl sé ar ais mar réalta scannán.
Tá sé ag iarraidh a ghairm bheatha a atógáil anois tar éis dó a bheith fágtha le billí dlí ollmhóra.
Agus caithfidh fear san áit sin na deiseanna oibre a thapú, pé áit atá siad, fiú má tá Oscar buaite aige.
Tar éis do Spacey na blianta beaga anuas a chaitheamh mar persona non grata i Hollywood, le linn a thriail ionsaí gnéis, chuaigh sé go dtí an Airméin (Armenia) chun máistir-rang aisteoireachta a sheachadadh.
Ainmníodh Spacey mar aoi onóra ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Golden Apricot sa phríomhchathair Yerevan.
Roinneadh grianghraif de réalta House of Cards ‘ag tabhairt máistir-rang do mhic léinn in Yerevan, an Airméin’, agus aisteoirí óga ina suí timpeall air.
Mar sin féin, bhí a chuairt chonspóideach mar gur dhiúltaigh roinnt daoine glacadh le toradh na trialach.
Rinne mic léinn in Ollscoil Mheiriceá san Airméin agóid faoi pháirt Spacey san fhéile.
Dúirt siad go bhfuil imní orthu gur chuir sé ‘teachtaireacht thrioblóideach chuig marthanóirí (survivors) ionsaí gnéis’.
Fuarthas Spacey, atá 64 bliain d’aois, neamhchiontach anuraidh as ionsaí gnéis a dhéanamh ar cheathrar fear. Shéan sé na cúisimh i gcónaí.
An mhí seo caite d’admhaigh sé go raibh sé ar bruach na féimheachta (bankruptcy) mar gheall ar a tháillí dlí il-mhilliún dollar.
Agus é ag gol, dúirt Spacey, ar an seó cainte Piers Morgan Uncensored: ‘Tá mo theach á dhíol ag ceant (auction). Tá go leor billí dlí fós le híoc agam nach raibh mé in ann a íoc.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.