Tuilleadh cosanta do pholaiteoirí agus teach sábháilte don Taoiseach beartaithe

Tá líon na n-ionsaithe ar pholaiteoirí ‘ó na daoine céanna’ ag dul i méid agus tá an bhagairt ó ionsaitheoirí na heite deise ina chúis mhór imní do na gardaí anois

Mar gheall ar bhagairtí do pholaiteoirí rinneadh iarracht teach sábháilte a bheith ann don Taoiseach, ach dhiúltaigh Simon Harris leis sin.

Mar sin féin, tabharfaidh Gardaí armtha cosaint iomlán d’iar-thaoisigh agus tabharfar a pribhléidí le haghaidh ghluaisteán an Stáit ar ais dóibh.

Tagann sé seo i ndiaidh ardú i líon na bpolaiteoirí atá faoi imeaglú.

Tá Gardaí buartha faoi shábháilteacht polaiteoirí ó dhaoine áirithe a bhfuil baint acu le polaitíocht na heite deise.

Helen McEntee ag déileáil le bagairt do pholaiteoirí
Helen McEntee ag déileáil le bagairt do pholaiteoirí

Tá imní orthu freisin go mbeidh an bhagairt níos measa le linn na dtoghchán áitiúil agus Pharlaimint na hEorpa an mhí seo chugainn.

Pléadh plean chun an Taoiseach a aistriú go háit chónaithe slán, Steward’s Lodge, i bPáirc an Fhionnuisce (Phoenix Park), ach dhiúltaigh an tUasal Harris leis sin mar níl sé ag iarraidh a theaghlach óg a aistriú óna theach sna Clocha Liatha (Greystones), Co. Chill Mhantáin (Wicklow).

An tseachtain seo caite bhí agóid taobh amuigh de theach Harris agus tá oifigigh shinsearacha an Rialtais go háirithe buartha mar gheall ar eachtra inar chaith lucht agóide balaclavas lasmuigh de theach an Aire Roderic O’Gorman.

Bhí bagairt thromchúiseach buama ann freisin do theach an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee, áit arbh éigean a beirt leanaí óga agus a fear céile a aslonnú go déanach san oíche.

Cuireadh duine chun príosúin as ciapadh (harassment) tromchúiseach a dhéanamh ar an aire shóisearach Jennifer Carroll MacNeill, agus cuireadh bean i bpríosún mar gheall ar chiapadh (harassment) tromchúiseach a dhéanamh ar iar-TD Shinn Féin Jonathan O’Brien.

Dúirt polaiteoir sinsearach amháin a chonaic agóid lasmuigh dá dteach féin: ‘Is iad na daoine céanna atá i mbun na léirsithe seo, mar a thugtar orthu.

Dúirt Aire Comh-Aireachta: ‘Caithfidh muid glacadh leis go bhfuil laethanta na bpolaiteoirí sinsearacha ina gcónaí mar ghnáthshaoránaigh in eastáit tithíochta ag teach chun deireadh.’

Tagann an t-athbhreithniú slándála do pholaiteoirí i ndiaidh agóidí ag tithe príobháideacha polaiteoirí sinsearacha, agus pianbhreitheanna coimeádta (custodial sentences) a ghearradh ar lucht déanta ciapadh polaiteoirí.

Tá athchóiriú iomlán á dhéanamh ar shlándáil don Taoiseach, d’iar-thaoisigh agus do na polaiteoirí sinsearacha ar fad, de réir foinsí na Comh-Aireachta, de réir mar a mhéadaíonn mí-úsáid agus ciapadh a bhaineann le teannas in aghaidh inimirce.

Mar sin féin, dúirt foinsí sinsearacha na Comh-Aireachta freisin go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar shlándáil do na polaiteoirí go léir.

Jennifer Carroll MacNeill
Jennifer Carroll MacNeill

Dúirt Aire Comh-aireachta amháin: ‘Táimid ar an eolas faoi eachtraí éagsúla le blianta beaga anuas leis na hiar-thaoisigh, ach, go hionraic, cinneadh mí-chiallmhar a bhí ann le linn tréimhsí deacra é a bhaint ar an gcéad dul síos.

‘Is “outliers” iomlán muid nuair a bhreathnaíonn tú ar Stáit nua-aimseartha eile nach bhfaigheadh ár n-iarpholaiteoirí sinsearacha cosaint iomlán ó na póilíní.’

Tuigtear go bhfuil Harris ag cur in aghaidh aon phlean chun a theaghlach óg a aistriú amach as a dteach reatha, ach tá sé ag smaoineamh ar Steward’s Lodge a úsáid níos minicí.

Dúirt Aire Comh-Aireachta, a bhfuil eolas aige ar an bplé ar shlándáil polaiteoirí: ‘Tá an fhéidearthacht ann anois go mbogfadh an Taoiseach isteach i Steward’s Lodge ag Farmleigh, óir is féidir é a chosaint go sábháilte.

Is réiteach cothrom é ach faoi láthair ní oibríonn sé do Simon ná dá theaghlach.

‘Mar sin féin feicimid gur fhéidearthacht chiallmhar é mar go bhfuil Steward’s Lodge ar fáil don Uasal Harris, nó do dhuine ar bith eile atá i seilbh na hoifige. Mar sin d’fhéadfá é a úsáid amárach.

‘Táimid ag súil go mbeidh aon taoiseach sa todhchaí ag dul a chónaí ann ar bhonn buan, go bhfuil sé ródheacair an tslándáil a choinneáil.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram