Alt faoi chlaonadh gnéis sa chéad Daonáireamh eile, tar éis ceist Dála ó Varadkar

07/05/2024

Cáineadh an Daonáireamh deireanach as gan rogha ‘neamh-dhénárthach (non-binary)’ a bheith sa cheist: ‘Cad é do ghnéas?’

Tá lucht eagraithe don chéad Daonáireamh eile ag tástáil ar cheart dóibh ceisteanna a chur faoi chlaonadh gnéasach daoine.

Beidh an tástáil ann nuair a bheidh ceisteanna nua á dtriail ag an Daonáireamh an fómhar seo, i dtriail roimh an suirbhé iomlán i 2027.

Tá sé ráite ag an Aire Stáit Hildegarde Naughton sa Dáil go gcuirfear ceist orthu siúd a bheidh ag glacadh páirte i dtástáil phíolótach (pilot test) an fómhar seo faoina ngnéasacht.

Hildegarde Naughton
Hildegarde Naughton

Bhí an t-aire sóisear ag freagairt ceist Dála ón iar-Thaoiseach Leo Varadkar, atá anois ina ghnáth-TD de chuid Fhine Gael.

Bhí Varadkar tar éis a fhiafraí den Taoiseach nua Simon Harris, an bhfuil an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ag smaoineamh ar cheist a chur faoi chlaonadh gnéis sa Daonáireamh, ar an mbealach céanna a dhéanann daonáireamh na Breataine é.

Cáineadh an Daonáireamh deireanach as gan aon rogha a bheith ann maidir le ‘neamh-dhénárthach (non-binary)’ sa cheist: ‘Cad é do ghnéas?’

Tá comhairliúchán poiblí curtha i gcrích ag an bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO) ar chuid de na ceisteanna nua atá daoine ag iarraidh a chur orthu sa chéad Daonáireamh eile.

Áireofar ceann ar chlaonadh gnéasach san fhoirm phíolótach tástála.

Is é is aidhm don triail phíolótach ceisteanna nua, athruithe ar cheisteanna atá ann cheana féin, agus modheolaíocht nua a thástáil, i roinnt réimsí éagsúla ar fud na tíre.

‘Don chéad uair, in 2024, déanfar tástáil ar rogha freagartha ar líne don Daonáireamh,’ a dúirt an tAire Naughton.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

Dúirt an tAire Naughton go bhfuil Grúpa Comhairleach Daonáirimh (Census Advisory Group) ann, ar a bhfuil ionadaithe ó ranna rialtais, comhlachtaí poiblí, na comhpháirtithe sóisialta agus pearsanra an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) tar éis teacht le chéile chun na ceisteanna atá le tástáil sa triail phíolótach níos déanaí i mbliana a mholadh.

‘Déanfaidh an grúpa saineolaithe measúnú ar thorthaí na trialach píolótaí agus déanfaidh siad moltaí ar ábhar cheistneoir Dhaonáireamh 2027,’ a dúirt sí.

Dúirt an tAire Naughton go n-oibríonn an Phríomh-Oifig Staidrimh chun a chinntiú go bhfanann an bailiú sonraí ón bpobal ‘reatha, ábhartha agus go mbaintear an úsáid is mó agus is féidir as don Rialtas agus don phobal’.

Bhí os cionn 400 freagróir ar an gcomhairliúchán poiblí ar athchóiriú an Daonáirimh.

Ní raibh na ceisteanna maidir le gnéasacht atá á gcur san áireamh sa triail phíolótach don chéad Daonáireamh eile i nDaonáireamh 2022.

Bhí ocht gceist nua ann, áfach, a bhain le cúram leanaí, fuinneamh, obair ón mbaile, rochtain idirlín agus gléasanna, caitheamh tobac, aláraim deataigh, obair dheonach agus conas a thaistealaíonn daoine chun na hoibre, na scoile nó an choláiste.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram