An mhí seo caite, mhínigh an roghnóir (selector) le Gaillimh John Concannon an ghéarchéim gortaithe dá scuad.
Dúirt sé: ‘Bhí 21 gortú againn nuair a bhí seisiún traenála againn tráthnóna amháin, ach ní rabhamar in ann ach cluiche le seacht gach taobh (seven-a-side) a imirt.’
Níl na fadhbanna gortaithe atá ag Erik ten Hag le Manchester United gar do na fadhbanna atá ag Pádraic Joyce le Gaillimh.
Ar an Domhnach, déanfaidh Joyce agus Gaillimh iarracht an rud nach bhfuil déanta acu le breis agus 40 bliain a dhéanamh – déanfaidh siad iarracht Corn Nestor a bhuachan don tríú bliain as a chéile leis an bua a fháil ar Mhaigh Eo.
Ach fiú má dhéanann siad é sin fós tá go leor fadhbanna acu.
Creideann Joyce gur ghoid siad an bua leathcheannais in aghaidh fhoireann Roinn 3, Sligeach, le cúl ag Robert Finnerty ag an nóiméad deireanach.
Ach 12 mhí ó shin chonacthas Gaillimh mar fhoireann fhuinniúil a d’fhéadfadh an bua a fháil ar Sam Maguire.
Bhí cluiche ceannais na Sraithe sroichte acu (cé gur chaill siad in aghaidh Mhaigh Eo), bhí an bua acu i gConnacht, agus bhí cluichí buaite acu in aghaidh foirne ar nós Thír Eoghain.
Bhain siad cluiche ceannais Chraobh na hÉireann amach an bhliain roimhe agus chaill siad do Chiarraí – an uair seo bhí sé i gceist acu dul an bealach ar fad agus Sam a fháil.
Mar sin, cad a tharla?
Gortú tar éis gortú, sin an rud a tharla.
Tar éis gortú i dteannán a ioscaide (hamstring) ag Damien Comer in aghaidh Ard Mhacha, bhí gortú do Sheán Kelly agus ansin bhí orthu imirt in aghaidh Mhaigh Eo sa chluiche ceathrú ceannais.
Agus nuair a thosaigh an séasúr nua, don chuid is mó den earrach, bhí ar Joyce leanúint ar aghaidh gan na himreoirí is fearr a bhí aige le fada an lá.
Ní fhaca muid Cillian McDaid, a bhí ainmnitheach do pheileadóir na bliana, an séasúr ar fad. Ní raibh Liam Silke, Jack Glynn agus Kelly le feiceáil ach ag deireadh an earraigh; agus an uair dheireanach a d’imir Matthew Tierney bhí sé sa chluiche babhta a trí in aghaidh Thír Eoghain.
Tháinig Shane Walsh ar ais in aghaidh Shligigh agus tháinig Comer ón mbinse sa chluiche sin chun Gaillimh a shábháil. Sin an chéad chluiche a bhí aige tar éis teacht ar ais.
Sea, is fadhbanna iad gortuithe do na foirne ar fad i ngach spórt – ach ní bhíonn siad chomh dona sin riamh.
Agus cé go bhfuil roinnt imreoirí tábhachtacha ar ais, tá imní fós orthu faoi ghortuithe, go háirithe Kelly a bhfuil an chuma air go bhfuil a ghortú á bhainistiú aige seachas a bheith slánaithe go hiomlán.
Ar bhealach, ba mhór an t-éacht (achievement) é fanacht suas i Roinn 1 an t-earrach seo.
Nuair a tháinig Comer den bhinse i bPáirc Markievicz coicís ó shin, ní raibh sé ach ar an 28ú imreoir a d’úsáid Joyce thar naoi gcluiche i mbliana – an uimhir is ísle d’aon fhoireann Roinn 1.
Ní hé sin toisc go raibh sé coimeádach, ach go simplí toisc nach raibh an oiread sin roghanna aige.
Ar an taobh eile de, d’imir Liam Ó Conghaile, Cillian Ó Curraoin, Jack McCabe agus Patrick Egan a gcéad chluiche i gCraobh na hÉireann an samhradh seo agus tá siad tar éis imirt in aghaidh peileadóirí níos sinsearaí ná mar a bheifeá ag súil leis – mar atá Rory Cunningham.
Ciallaíonn sé sin go bhfuil níos mó roghanna anois ag ionsaithe na Gaillimhe, a bhí ag brath an iomarca ar a ‘terrible twins’, Comer agus Walsh.
Agus le Liam Silke ag teacht ar ais, tar éis dó a bheith in easnamh an séasúr seo caite, beidh na cosantóirí níos láidre, áit a bhfuil Johnny McGrath bunaithe mar cheann de na lánchúlaí is fearr sa chluiche le 18 mí anuas.
Mar sin féin, beidh ar Ghaillimh freisin éirí as an mbealach cúramach a d’imir siad anuraidh. Agus le Comer is féidir leo é sin a dhéanamh.
Nuair a d’imir siad foirne i Roinn 1 i gCraobh 2022, fuair siad ocht gcuil thar cúig chluiche, 18 bpointe ar an meán sa chluiche.
Anuraidh, níor scóráil siad ach dhá chúl i gceithre chluiche Craobhchomórtais i gcoinne foirne i Roinn 1, agus bhí 15 phointe ar an meán acu in aghaidh an chluiche.
Mar sin féin, má tá Comer údar a ndóchas mór, is é údar an eagla mhór atá orthu freisin.
Tar éis an tsaoil, beidh siad ag brath arís ar an imreoir mór agus ag súil go bhfanfaidh sé aclaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.