Lá stairiúil: An bealach a roghnaítear rialtas sa Tuaisceart

02/02/2024

Tá an córas sa Tuaisceart deartha (designed) chun tuiscint níos fearr a chruthú idir an dá phríomhphobal –  na náisiúnaithe agus na haontachtaithe –  agus mar sin beidh airí rialtais ag an dá thaobh

Toghfar leascheannaire Shinn Féin, Michelle O’Neill, mar Chéad-Aire sa Tuaisceart Dé Sathairn, rud stairiúil d’Éirinn.

Tarlóidh sé mar go bhfuil aontaithe ag an DUP dul ar ais isteach i dTionól (Assembly) Stormont.

Michelle ONeill 2
Michelle O’Neill

Dúirt ceannaire páirtí an DUP, Jeffrey Donaldson, Déardaoin gur scríobh sé chuig Ceann Chomhairle (Speaker) an Tionóil a bhí ag dul as oifig, Alex Maskey, lena dhearbhú go bhfuil a pháirtí sásta deireadh a chur lena bhaghcat (boycott) a mhair dhá bhliain ón toghchán.

Seo an chéad uair riamh a mbeidh ceannaire ón bpobal náisiúnach ag sé chontae

an Tuaiscirt, ceannaire nach bhfuil tiomnaithe do riail as Londain.

Is lá suntasach é d’Éirinn ar fad. Mar sin féin, tá an córas toghcháin sa Tuaisceart, córas D’Hondt, casta agus tá sé deartha chun a chinntiú go mbeidh náisiúnaithe agus aontachtaithe araon i rialtas.

Jeffrey Donaldson
Jeffrey Donaldson

Sin an fáth go bhféadfadh an DUP an rialtas a dhúnadh go ceann dhá bhliain.

Seo mar a oibríonn córas D’Hondt sa Tuaisceart.

Faoi chóras D’Hondt faigheann páirtithe áiteanna sa rialtas mar airí de réir líon na suíochán atá acu sa Tionól, ach caithfidh páirtí naoi suíochán ar a laghad a bhuachan sa Tionól chun aire a bheith acu.

Níl sé murab ionann agus an Dáil ina n-éiríonn an té a fhaigheann an líon is mó vótaí ina thaoiseach agus ina roghnaíonn an taoiseach na hAirí go léir.

Sa Tionól tá 27 suíochán ag Sinn Féin, 25 ag an DUP, 17 ag Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance Party), naoi gcinn ag Páirtí Aontachtach Uladh (the Ulster Unionists) agus seacht gcinn ag an SDLP.

Stormont sa Tuaisceart
Stormont sa Tuaisceart

Mar sin, beidh triúr airí ag Sinn Féin, beidh dhá cheann ag an DUP, ceann an duine ag Páirtí na Comhghuaillíochta agus ag Aontachtaithe Uladh agus ní bheidh tada ag an SDLP.

Beidh orthu aontú ar dtús cé a bheidh ina Cheann Comhairle. Ansin toghfar an Príomh-Aire agus an Leas-Chéad-Aire – agus ansin roghnaíonn siad airí ar a seal (take turns).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram