Tá cosc ó na bóithre le cur ar thiománaithe faoi oiliúint (learner drivers) a theipeann ar a gcuid tástálacha go leanúnach, faoi rialacha nua an Rialtais.
Dúirt an tAire Iompair Jack Chambers go bhfuil siad ag iarraidh stop a chur leis an gcleachtas daoine a bheith i gcónaí ag athnuachan (renewing) a gceadúnas foghlaimeora (learner licence), i dtionscnamh nua um shábháilteacht ar bhóithre.
Roimhe seo, bhí cásanna ann ina ndearnadh athnuachan ar cheadúnais foghlaimeora daoine tar éis dóibh a dtástáil tiomána a theip suas le 10 n-uaire.
Dúirt Chambers: ‘Tá an cheist seo mar thosaíocht (priority) agamsa maidir le sábháilteacht ar bhóithre.
‘Tá mo Roinn ag iarraidh an córas athnuachana ceadanna a athrú chun athnuachan neamhtheoranta (unlimited) a chosc agus cumas tástála tiománaithe (driving tests) a mhéadú.
‘Tá tús curtha leis an obair ullmhúcháin. Tá cur chuige comhaontaithe ag m’oifigigh leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority, RSA) chun aghaidh a thabhairt ar athnuachan cheadúnais foghlaimeora agus an RSA ag cur le cumas tástála. Tuigim go bhfuil oiliúint tiománaithe faoi athbhreithniú.’
Dheimhnigh an tAire freisin go bhfuil tús curtha ag an Roinn Iompair (Transport Department) le measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá beartaithe (proposed legislation) agus go bhfuil grúpa oibre inmheánach an RSA páirteach ann.
Dúirt sé freisin: ‘Táthar ag súil go leanfar ar aghaidh le cur chun feidhme an togra seo nuair a bheidh an riaráiste (backlog) tástála tiománaí réitithe.’
Rinne an tAire na ráitis mar fhreagra ar cheisteanna parlaiminte scríofa ó urlabhraí iompair Shinn Féin, Martin Kenny TD, faoi thiománaithe faoi oiliúint.
Tagann an t-aistriú seo i ndiaidh glao ar athruithe móra ar thástáil tiomána mar gheall ar na básanna ar na bóithre go dtí seo i mbliana.
Mar aon leis sin, ba cheart do thiománaithe cúrsa athnuachana (refresher course) a dhéanamh gach 10 mbliana, tá sé molta ag Cumann Cróinéirí na hÉireann (Coroners Society of Ireland), le Pat O’Connor, ón gcumann, ag brú ar son athraithe.
‘Cén fáth nach mbeadh córas ann ina gcaithfidh an duine atá ag iarraidh a cheadúnas a athnuachan tar éis tréimhse 10 mbliana cúrsa a dhéanamh, bíodh sé ar líne nó eile, agus an teastas sin a thabhairt ar aird?
‘Ní hamháin go gcuirfeadh an cúrsa féin i gcuimhne do dhaoine na contúirtí a bhaineann le tiomáint, ach freisin rialacha an bhóthair agus cad ba cheart a thabhairt faoi deara,’ a dúirt sé.
Dúirt an tUasal O’Connor, atá ina chróinéir do Chontae Mhaigh Eo freisin, go mbíonn timpistí bóthair tromchúiseacha ag cur isteach ar na mílte duine gach bliain.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.