Ní raibh baint ag níos mó ná 80% de na bóithre in Éirinn le hanailís sonraí tuairteála (crash details) a rinne an Roinn Iompair (Department of Transport) agus iad ag iarraidh feabhas a chur ar shábháilteacht ar na bóithre.
Tuairiscíodh an t-eolas seo faoi na contúirtí ar ár mbóithre ag an am céanna agus atá imní ag méadú faoi líon méadaithe na mbásanna ar na bóithre.
Maraíodh seachtó duine cheana féin ar na bóithre go dtí seo i mbliana, sin 17 níos mó ná sa tréimhse chéanna anuraidh.
In ainneoin gurb ionann bóithre áitiúla agus 81% den ghréasán (network) bóithre náisiúnta, ní raibh imbhuailtí (collisions) a tharla orthu clúdaithe ag anailís a rinne an Rialtas in 2022 agus 2023.
Tá sé tugtha le fios ag Prime Time de chuid RTÉ go raibh an anailís ar shábháilteacht ar bhóithre déanta ag an Roinn Iompair mar nach bhfuil rochtain (access) ag innealtóirí bóithre (road engineers) na n-údarás áitiúil (local authorities) ar na sonraí imbhuailtí is déanaí, de bharr an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (General Data Protection Regulation, GDPR).
Tá sé ráite ag an Roinn nach mbaineann na sonraí ach le himbhuailtí ar bhóithre réigiúnacha – arb ionann iad agus 12% den ghréasán bóithre iomlán.
Úsáideann rialtais agus údaráis áitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh sonraí imbhuailte chun eolas a chur ar fáil d’athruithe deartha agus leagan amach a bhaineann le sábháilteacht.
Tá sé mar bhonn le beartais um shábháilteacht ar bhóithre atá deartha chun daoine a shábháil ar na bóithre.
Ar an ábhar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an fhaisnéis is fearr ar fáil do na húdaráis.
Dúirt an Roinn gur cuireadh tús leis an anailís le staidéar píolótach i gCorcaigh agus i gCill Dara in 2022, agus i lár 2023 ‘leathnaíodh é seo ar leibhéal náisiúnta’.
‘Bhí ardleibhéal anailíse i gceist leis an anailís imbhuailte chun láithreacha spéisiúla a shainaithint,’ a dúirt siad.
Go dtí 2020, bhí rochtain (access) ag innealtóirí bóithre in údaráis áitiúla ar fud na tíre ar chóras mionsonraithe idirghníomhach léarscáileanna (interactive map system) le faisnéis faoi imbhuailtí aonair.
Chuir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority, RSA) na sonraí seo ar fáil, bunaithe ar fhaisnéis ó chóras Pulse an Gharda Síochána.
Go luath i 2020, áfach, tháinig ceist GDPR chun cinn maidir le cibé an bhféadfadh an RSA sonraí den sórt sin a roinnt le comhlachtaí poiblí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.