Léiríonn figiúirí go raibh ‘ról lárnach ag an laghdú seasta (steady reduction) ar phóilíniú na ngardaí ar ár mbóithre’ le méadú na mbásanna ar na bóithre,’ a dúirt ceannaire páirtí an fhreasúra.
Tagann foilsiú na bhfigiúirí faoi na gardaí tar éis tuairisc an tseachtain seo caite a léirigh gur dhiúltaigh an Roinn Iompair d’iarratas ar mhaoiniú €6 milliún ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority , RSA) chun breis foirne (more staff) a fhostú.
Bhí an t-airgead ag teastáil ón RSA mar chuid dá fheachtais sna meáin (media campaigns) um shábháilteacht ar bhóithre.
Anuraidh, fuair 184 duine bás ar bhóithre na hÉireann, méadú beagnach 20% ar 2022; agus ba mhéadú é sin ar an mbliain roimhe sin. Fuair 155 duine bás i 149 imbhualadh marfach ar bhóithre in 2022 i gcomparáid le 137 bás i 124 imbhualadh marfach ar bhóithre in 2021.
Agus mar gheall ar imbhualadh feithicle aonair (single-vehicle crash) i gCo. Cheatharlach (Carlow) inar bhásaigh triúr ógánach is é an líon iomlán básanna ar na bóithre i mbliana ná 18.
Labhair ceannaire Aontú Peadar Tóibín amach agus básanna ar na bóithre ag dul i méid agus méid na gardaí ar na bóithre.
Léiríonn figiúirí a thug an Roinn Dlí agus Cirt don Teachta Dála Tóibín gur thit líon na ngardaí a bhí ag póilíneacht ar bhóithre na tíre ó 1,046 in 2009 go 659 faoi Lúnasa seo caite.
Dúirt an TD Iarthar na Mí (Meath West): ‘Tá gaol díreach idir an méadú uafásach ar líon na mbásanna agus an titim i líon na ngardaí atá ag póilíniú ar ár mbóithre.
‘Níl forfheidhmiú (enforcement) ag tarlú. Tá a fhios seo ag tiománaithe, agus níl cuid acu ag cloí le dlíthe sábháilteachta (safety laws) dá bharr.
‘Ní mór don Rialtas agus don Aire Dlí agus Cirt acmhainní a chur ar fáil.’
Dúirt urlabhraí Iompair an Lucht Oibre, Duncan Smith, go dteastaíonn ‘fuinneamh agus smaointe nua’ ón RSA agus go bhfuil fadhb le méid na gardaí.
Dúirt sé: ‘Fiche bliain ó shin, shocraigh an RSA caighdeáin nua maidir le sábháilteacht ar bhóithre. Bhí Gay Byrne, an craoltóir is cáiliúla sa Stát, mar aghaidh phoiblí air, agus bhí forfheidhmiú tromchúiseach leanúnach againn.
‘I gcodarsnacht leis sin, is cosúil go bhfuil easpa fuinnimh agus fócas i straitéis Vision Zero an lae inniu. Tá forfheidhmiú tar éis titim tríd an urlár. Tá carranna níos tapúla againn agus níos lú gardaí ann.’
Idir an dá linn, cuirfear an triúr ógánach a maraíodh in imbhualadh tragóideach i gCeatharlach (Carlow) Dé Luain agus Dé Máirt tar éis seirbhísí sochraide (funeral services) ina mbailte dúchais.
Bhí Michael Kelly, 25, ags Katie Graham, 19, ag taisteal i Lexus dearg – a cheannaigh a gcairde Daryl Culbert, 21, le déanaí – nuair a d’imigh sé ó smacht ar stráice contúirteach (dangerous stretch) an bóthair ar imeall bhaile Cheatharlach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.