Aire nua FG ‘chun tacaíocht d’oibrithe a ghearradh’

14/04/2024

Seans nach bhfaighidh oibrithe an pá íosta (minimum wage) agus an tsaoire bhreoiteachta (sick pay) a gheall an Rialtas dóibh

Tá an tAire Fiontraíochta nua ag beartú pacáiste tacaíochta ‘práinneach’ do ghnólachtaí (businesses) a laghdóidh sochair d’oibrithe (worker benefits) a bhí i mbuiséad na bliana seo caite.

Agus tá sé muiníneach go dtabharfar a leasuithe isteach mar go mbeidh tacaíocht acu ón Taoiseach nua, Simon Harris.

Dúirt Aire Fhine Gael Peter Burke go mbeidh sé ag bogadh go tapa lena chinntiú nach dteipfeadh ar ghnólachtaí atá ag streachailt.

Aire nua ag beartú pacáiste a laghdóidh sochair d’oibrithe (worker benefits)
Aire nua ag beartú pacáiste a laghdóidh sochair d’oibrithe (worker benefits)

Mar sin féin, dúirt urlabhraí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre, Ged Nash, go n-imeodh siad ‘chun cogaidh’ mura seachadtar (deliver) sochair d’oibrithe mar a gheall an Rialtas.

Dúirt an tUasal Burke go mbeidh sé ag ‘scrúdú’ tuarascáil nua ar an tionchar a bhí ag cúig bheart (measures) nua de chuid an Rialtais a tugadh isteach, as ar tháinig gearáin ó ghnólachtaí.

Is iad na cúig bheart a tugadh isteach sa bhuiséad deiridh:

méadú ar an bpá íosta;

clárú uathoibríoch (automatic) do phinsin;

ardú in ÁSPC (PRSI);

méadú ar shaoire bhreoiteachta;

méadú agus saoire do thuismitheoirí.

Deir an tuarascáil go mbeidh costais oibriúcháin mhéadaithe do roinnt gnólachtaí amach anseo, go háirithe gnólachtaí a bhfuil go leor oibrithe acu.

Dúirt Aire Fhine Gael Peter Burke go mbeidh sé ag bogadh go tapa lena chinntiú nach dteipfeadh ar ghnólachtaí atá ag streachailt.
Dúirt Aire Fhine Gael Peter Burke go mbeidh sé ag bogadh go tapa lena chinntiú nach dteipfeadh ar ghnólachtaí atá ag streachailt.

Agus, in agallamh leis an Irish Daily Mail, dúirt an Burke: ’Caithfimid pacáiste a chur le chéile faoin gcreat (framework) buiséadach reatha’, a bheidh nuálach agus a sheachadfar go tapa do ghnólachtaí beaga.

Dúirt sé go bhfuil sé ag iarraidh a chinntiú nach dteipfidh orthu siúd atá inmharthana (viable) mar gheall ar aon rialacháin a chuir an Rialtas ar aghaidh’.

Dúirt Burke go mbeidh ‘comhoibriú ó ranna eile’ ag teastáil uaidh.

Tá sé ráite ag an Taoiseach Harris freisin go n-áirítear lena thosaíochtaí ‘dul chun cinn a dhéanamh timpeall ar ghnólachtaí beaga’ chomh maith le feirmeoireacht, dlí agus ord, sráideanna níos sábháilte agus tithíocht.

Dúirt Burke, áfach, nach n-áirítear ina thogra athrú ar an ráta CBL (VAT), in ainneoin pléadálacha ón earnáil fáilteachais (hospitality sector).

Dúirt urlabhraí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre, Ged Nash, go n-imeodh siad ‘chun cogaidh’ mura seachadtar (deliver) sochair d’oibrithe
Dúirt urlabhraí airgeadais Pháirtí an Lucht Oibre, Ged Nash, go n-imeodh siad ‘chun cogaidh’ mura seachadtar (deliver) sochair d’oibrithe

Mar fhreagra ar mholtaí Burke, dúirt Ged Nash go bhfuil imní air faoi phleananna chun gealltanais a tugadh d’oibrithe a bhriseadh.

Dúirt sé: ‘Tá imní orm faoin teachtaireacht seo ó Fhine Gael leis an teachtaireacht “back to basics” mar a thugtar air. Rachaidh an Lucht Oibre chun cogaidh le Fine Gael agus Fianna Fáil má sháraíonn siad na gealltanais (promises) atá acu faoi láthair ar an mbealach le pá maireachtála (living wage) do dhaoine atá ag obair.

‘In ionad oibrithe a chur in aghaidh úinéirí gnó, cén fáth nach dtéann Fine Gael i ngleic leis na fadhbanna struchtúracha atá roimh fhiontair sa gheilleagar (economy) seo?’ dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram