Eagla faoi oibrithe Dell anseo le 6,650 post a ghearradh ar fud an domhain

Tá an comhlacht ríomhaireachta Meiriceánach, Dell, chun 5% dá fhórsa saothair domhanda a ghearradh, rud a d’fhéadfadh go mbeidh na céadta ball foirne ag fáil iomarcaíocht (redundancy) in Éirinn.

Luaigh feidhmeannaigh an ghrúpa an laghdú san éileamh ar ríomhairí pearsanta agus daoine ag tabhairt aghaidh ar bhoilsciú (inflation) ag ardú agus rátaí úis níos airde.

Chuir an chuideachta an milleán ar laghdú 10% ar dhíolacháin a ríomhairí deisce, a ríomhairí glúine agus a stáisiúin oibre as na ciorruithe post, agus meastar go caillfear 6,650 fostaí mar chuid den rabharta  de laghdú post in earnáil teicneolaíochta na SA.

Simon Coveney Phone 1
Simon Coveney Pic:Gareth Chaney/Collins

Níl sé ráite ag Dell cá ndéanfar na ciorruithe, ach dá gcuirfí i bhfeidhm go cothrom iad ar fud oibríochtaí domhanda an chomhlachta, chiallódh sé go ndéanfaí thart ar 250 post a ghearradh ina fhórsa saothair Éireannach de 5,000.

Tá an tAire Fiontair Simon Coveney i gceannas ar mhisean go Meiriceá chun cabhrú leis earnáil teicneolaíochta ilnáisiúnta na hÉireann, agus tá sé ag dul go San Francisco ar dtús.

Tá sé mar aidhm aige freisin infheistíocht ilnáisiúnta a threisiú, mar go gcuireann an cúlú eacnamaíocht an domhain geilleagar na hÉireann i mbaol.

Leanann na ciorruithe Dell céimeanna comhchosúla ó na comhlachtaí teicneolaíochta Microsoft, úinéir Facebook Meta, Alphabet úinéir Google, Amazon agus Twitter agus an tionscal ag tabhairt chun donais.

Tagann na hiomarcaíochtaí tar éis an-chuid aoine a fháil postanna i rith na paindéime nuair a chuaigh cuideachtaí i ngleic leis an éileamh agus daoine ag dul ar líne le haghaidh oibre, scoile agus siamsaíochta.

Ach ‘leanann coinníollacha an mhargaidh ag cruthú todhchaí éiginnte’, a dúirt leaschathaoirleach Dell Technologies, Jeff Clarke.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram