Íocfaidh cuideachta (firms) €70,000 d’oibrithe (workers) gach uair a bhíonn leanbh acu

16/02/2024

Tá athruithe móra á ndéanamh ag go leor tíortha chun mná a spreagadh le leanbh a bheith acu – mar níl inimirce acu mar atá ag Éire chun tacú leis an ngeilleagar agus chun íoc isteach i gcistí pinsin na todhchaí

Tá cuideachta réidh chun na milliúin euro a íoc le hoibrithe ban chun leanbh a bheith acu – agus chun cabhrú le heaspa oibrithe na tíre, de réir CNN.

Tá sé beartaithe ag Booyoung Group, gnólacht tógála atá lonnaithe i Seoul, sa Chóiré Theas (South Korea) 100 milliún ‘won’, airgead na Cóiréise (€70,000), a íoc gach uair a bhíonn leanbh acu.

Íocfaidh sé freisin 7 billiún ‘won’ (€5 milliún) leis na fostaithe a raibh 70 leanbh eatarthu cheana féin ó 2021 i leith.

Tá an sochar ar fáil d’fhir agus do mhná, a dúirt urlabhraí cuideachta le CNN.

Íocfaidh sé freisin 7 billiún ‘won’ (€5 milliún) leis na fostaithe a raibh 70 leanbh eatarthu cheana féin ó 2021 i leith
Íocfaidh siad 7 billiún ‘won’ (€5 milliún) leis na fostaithe a raibh 70 leanbh eatarthu cheana féin ó 2021 i leith

Ag 0.78 in 2022, tá an ráta torthúlachta (fertility rate) is ísle ar domhan ag an gCóiré Theas – rud a léiríonn an líon leanaí a bheidh ag bean le linn a saoil ar an meán –agus táthar ag súil go dtitfidh sin go 0.65 in 2025, de réir réamhaisnéisí oifigiúla ó Staitisticí na Cóiré.

Léiríonn na sonraí an géarchéim dhéimeagrafach (demographic timebomb) atá roimh an gCóiré Theas agus náisiúin Oirthear na hÁise, agus a sochaithe ag dul in aois go tapa cúpla bliain tar éis a dtionsclaíochta drámatúil.

Tá daonraí atá ag dul in aois ag go leor náisiún Eorpach cosúil le hÉirinn freisin, ach maolaítear luas agus tionchar an athraithe sin ag inimirce ó thíortha eile.

Níl inimirce ag tíortha ar nós na Cóiré Theas, na Seapáine agus na Síne, áfach, mar atá ag tíortha mar Éirinn, chun dul i ngleic leis an laghdú (drop) ar a ndaonraí in aois oibre (working age populations).

Dúirt Cathaoirleach Ghrúpa Booyoung, Lee Joong-keun, go bhfuil an chuideachta ag tairiscint ‘tacaíocht airgeadais dhíreach’ dá fostaithe chun cabhrú leis an ualach (burden) airgeadaíochta a bhaineann le leanaí a thógáil a mhaolú (ease).

Tabharfar an rogha d’fhostaithe a bhfuil triúr leanaí acu rogha a dhéanamh idir 300 milliún ‘won na Cóiré (€210,000) in airgead nó i dtithíocht ar cíos a fháil, má sholáthraíonn an rialtas talamh le haghaidh tógála.

Níl inimirce ag tíortha ar nós na Cóiré Theas, áfach, mar atá ag tíortha mar Éirinn, chun dul i ngleic leis an laghdú (drop) ar a ndaonraí in aois oibre (working age populations)
Níl inimirce ag tíortha ar nós na Cóiré Theas, áfach, mar atá ag tíortha mar Éirinn, chun dul i ngleic leis an laghdú (drop) ar a ndaonraí in aois oibre (working age populations)

‘Tá súil agam go n-aithneofaí muid mar chuideachta a chuidíonn le breitheanna a spreagadh… agus atá buartha faoi thodhchaí na tíre,’ a dúirt Lee lena fhostaithe.

Tá buntáistí airgeadais ar fáil cheana féin ó rialtas na Cóiré Theas agus ag cuideachtaí príobháideacha eile chun daoine a spreagadh chun níos mó leanaí a bheith acu, ach níl aon cheann ar scála buntáistí Booyoung Group.

Tá cláir chomhchosúla ann freisin sa tSín, ina bhfuil laghdú tagtha ar an daonra le dhá bhliain díreach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram