Ryan ag féachaint ar bhealach chun billí fón agus leathanbhanda (broadband) a ísliú

07/04/2024

Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan ag scrúdú cén fáth a bhfuil cuideachtaí fón ag ardú an phraghais go huathoibríoch (automatically) gach bliain

Seans go mbeidh billí fón agus leathanbhanda (broadband) níos ísle ag teacht, agus an Rialtas ag scrúdú an chaoi a n-ardaíonn cuideachtaí praghsanna go huathoibríoch (automatically).

Rinne an tAire Cumarsáide (Communications Minister) agus ceannaire an Chomhaontais Ghlais (Green Party) Eamon Ryan é seo á léiriú mar fhreagra ar cheist Dála (Dáil question) ón TD Darren O’Rourke de chuid Shinn Féin.

Faoi na rialacha atá ann cheana féin mhéadaigh roinnt soláthraithe seirbhísí (service providers) leathanbhanda, fón agus teilifíse a gcuid praghsanna do chustaiméirí reatha le déanaí.

Faoi na rialacha atá ann cheana féin mhéadaigh roinnt soláthraithe seirbhísí (service providers) leathanbhanda, fón agus teilifíse a gcuid praghsanna do chustaiméirí reatha le déanaí
Faoi na rialacha atá ann cheana féin mhéadaigh roinnt soláthraithe seirbhísí (service providers) leathanbhanda, fón agus teilifíse a gcuid praghsanna do chustaiméirí reatha le déanaí

Tá úsáid clásail um choigeartú praghais (price-adjustment clauses) ag formhór na soláthraithe seirbhísí fón agus leathanbhanda níos coitianta in Éirinn le blianta beaga anuas.

Níl gach ceann de na cuideachtaí á dhéanamh, áfach.

Tá an struchtúr praghsála seo á úsáid ag an soláthraí teileachumarsáide is mó sa Stát, Eir, chomh maith leis na cuideachtaí móra fón póca Vodafone agus Three Ireland.

Ardaíonn na trí chuideachta a gcuid praghsanna gach Aibreán faoi 3% móide an ráta boilscithe (inflation) ag deireadh na bliana roimhe sin.

Mar gheall ar an struchtúr praghsála atá nasctha le boilsciú (inflation) tháinig ardú 7.6% ar phraghsanna Eir an mhí seo, le harduithe cosúla seo do Three Ireland agus Vodafone.

Is gnách go bhfeidhmíonn na clásail seo trí arduithe praghais bliantúla (annual automatic price increases) le linn shaolré an chonartha (lifetime of the contract).

Dúirt an tUasal Ryan gur cheist é sin do na cuideachtaí sin i margadh atá ‘liobrálaithe’.

Mar sin féin, dúirt sé: ‘Tá an t-ábhar á scrúdú ag m’oifigigh agus glacfaimid an chomhairle dlí a thugtar maidir le roghanna cuí beartais.’

Ardaíonn na trí chuideachta a gcuid praghsanna gach Aibreán faoi 3% móide an ráta boilscithe (inflation) ag deireadh na bliana roimhe sin
Ardaíonn na trí chuideachta a gcuid praghsanna gach Aibreán faoi 3% móide an ráta boilscithe (inflation) ag deireadh na bliana roimhe sin

Dúirt urlabhraí don Roinn Cumarsáide go bhfuil ‘úsáid na gclásal seo á mheas faoi láthair, agus go bhfuil siad i dteagmháil leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (Commission for Communications Regulation, ComReg) agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, d’fhonn teacht ar réiteach cuí agus sásúil’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram