Tá bronntanas deiridh ag Simon Harris do mhic léinn an choláiste sula bhfágann sé a phost mar Aire Ardoideachais (Higher Education Minister) le bheith ina Thaoiseach.
Tá plean fógartha ag Harris, ceannaire nua Fhine Gael, le deis a thabhairt do mhic léinn níos mó a thuilleamh (earn) gan chailliúint ar dheontais na gcoláistí (college grants).
Faoi láthair, is féidir le mic léinn suas le €6,552 a thuilleamh sa bhliain gan cur isteach ar a n-íocaíochtaí deontais, ach méadóidh sé seo €1,373 go €7,925 faoi thograí ó Harris.
Dúirt foinse Rialtais: ‘Tá an t-ardú deartha chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus le mic léinn agus beidh mic léinn i dteideal níos mó a thuilleamh gan cur isteach ar a ndeontas.
‘Méadóidh sé ó €6,552 go €7,925 rud a ligeann dóibh níos mó oibre a dhéanamh.’
Rinne an fhoinse cuir síos freisin ar chlár tosaíochtaí Harris.
Dúirt siad: ‘Tá sé beartaithe ag an Aire Simon Harris tosaíocht a thabhairt do roinnt príomhthionscnamh mar Thaoiseach lena n-áirítear dlí agus ord (law and order), le tacaíochtaí breise do ghardaí, soláthar ceamaraí coirp (body cams), agus dlíthe pianbhreithe níos déine (tougher sentencing).
‘Tá sé ag iarraidh freisin go laghdófar an costas a bhaineann le cúram leanaí (childcare), lena n-áirítear reachtaíocht a bhrostú chun tacaíochtaí cúram leanaí a leathnú chuig feighlíocht leanaí sa bhaile. Agus laghduithe breise ar chostas an oideachais, le roinnt beart do mhic léinn tríú leibhéal.’
Dúirt an fhoinse: ‘Beidh tithíocht agus sláinte ina bpríomhghnéithe.
‘Díreofar freisin ar fheirmeoireacht agus ar ghnólachtaí beaga mar dhá réimse a mbeidh tacaíocht shuntasach ag teastáil uathu ar feadh na coda eile den bhliain.
‘Tá ceannaire Fhine Gael i dteagmháil le comhghleacaithe parlaiminte ar fud na tíre agus buailfidh sé le coistí Talmhaíochta agus Gnó an pháirtí an tseachtain seo chugainn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.