Bagairt (threat) dhá bhliain go leith sa phríosún do Rubiales mar gheall ar an bpóg sin

28/03/2024

Rachaidh Rubiales ar thriail mar gheall ar an réalta pheile Spáinneach Hermoso a phógadh gan a cead

D’fhéadfadh sé go ngearrfar pianbhreith príosúin dhá bhliain go leith ar Luis Rubiales má chiontaítear (convicted) é as Jenni Hermoso a phógadh ar a liopaí i gcoinne a toil, de réir cáipéisí cúirte (court papers).

Tá iar-cheannaire chónaidhm peile (football federation) na Spáinne cúisithe as ionsaí gnéis amháin agus as comhéigean (coercion) i ndiaidh na póg, cionta a raibh téarma príosúin bliana agus 18 mí faoi seach i gceist leo.

Cuirfear Luis Rubiales, iar-cheannaire sacair na Spáinne, ar a thriail mar gheall ar a phóg neamh-chomhthoiliúil (nonconsensual) den imreoir réalta Jennifer Hermoso le linn searmanas boinn (medal ceremony) Chorn Domhanda na mBan (Women’s World Cup) an samhradh seo caite.

spain
Dúirt an breitheamh go raibh póg Rubiales ‘neamh-chomhthoiliúil agus gur gníomh aontaobhach agus iontas (unilateral and surprising) a bhí ann’

Mhol ionchúisitheoir (prosecutor), Marta Durántez go dtabharfaidh Rubiales aghaidh ar bhreithiúnas (judgement) cúirte i gcás ardphróifíle a chuir náire ar spórt an tsacair sa Spáinn.

Mhol Durántez freisin go gcuirfí Rubiales agus triúr oifigeach eile de chuid na Cónaidhme Peile Ríoga na Spáinne (Royal Spanish Football Federation), comhlacht rialaithe sacair na tíre, ar a thriail ar chúisimh chomhéigeanta (coercion) as brú a chur ar an imreoir, Hermoso, tacaíocht a léiriú do Rubiales nuair a thosaigh an chonspóid.

Is iad an triúr eile Jorge Vilda, an cóitseálaí a threoraigh an fhoireann chuig glóir Chorn an Domhain sular cuireadh as a phost é go gairid ina dhiaidh an gconspóid, agus Albert Luque agus Rubén Rivera, beirt fheidhmeannach de chuid na Cónaidhme.

I mí Eanáir dúirt breitheamh go raibh póg Rubiales ‘neamh-chomhthoiliúil agus gur gníomh aontaobhach agus iontas (unilateral and surprising) a bhí ann’.

Chinn an Breitheamh de Jorge freisin, fiú dá mba rud é go raibh ceiliúradh i gceist leis an bpóg in ionad a bheith gnéasach, go raibh iompar Rubiales thar an líne theorainneacha ‘caidreamh collaí’  agus gur cheart é a thabhairt chun cuntais.

Luis Rubiales
Luis Rubiales

Dá bhfaighfí ciontach as ionsaí gnéis, gearrfar phianbhreith príosúin idir bliain amháin agus dhá bhliain go leith ar Rubiales.

Táthar ag súil go mbeidh Hermoso ag imirt don Spáinn i gCluichí Oilimpeacha Pháras an samhradh seo má cháilíonn an tír.

Dúirt Hermoso cheana féin le cúirt i Maidrid nach raibh an phóg ‘comhthoiliúil (consensual)’.

Rug Rubiales cloigeann Hermoso agus phóg sé í ar a liopaí tar éis chluiche ceannais Chorn an Domhain anuraidh.

‘Tá gach rud i lámha an cheartais (justice), sin an méid is féidir liom a rá,’ a dúirt Hermoso.

‘Séanann Rubiales na líomhaintí.

Tharla an phóg le linn searmanas na mbonn i Sydney an 20 Lúnasa anuraidh, tar éis bua na Spáinne in aghaidh Shasana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram