Tá éileamh ar ainm Gaeilge ar fud na Stát Aontaithe, áit a bhfuil sé san áireamh sna liosta de deich ainmneacha a bhfuil is mó tóir orthu.
Seo ceann de na hainmneacha Gaeilge sin ar nós Oscar a mbeidh ionadh ar dhaoine a fháil amach gur ainm Gaeilge é.
Tá sé ag éirí chomh coitianta sna Stáit Aontaithe, go mbeidh sé go luath sa phríomhshruth (mainstream) mar Jessica, Jennifer agus Ashley.
Beidh aithne ag formhór na saoránach Éireannach ar dhuine nó beirt Éireannach ar a dtugtar Méabh. Nó b’fhéidir go dtéann sí le Medb, Meadhbh, Maeve nó litrithe éagsúla eile.
Is ainm miotasach é atá inár mbanc náisiúnta ainmneacha le fada an lá. Níl sé neamhghnách sa tír seo. Is ainm cáiliúil Gaeilge í ar an mbealach céanna le Deirdre nó Sinéad nó Siobhán.
Anois, tá sé ag barr na n-ainmchairteacha sna Stáit Aontaithe, le feiceáil sa deichniúr is mó a bhfuil tóir orthu ar fud na háite agus ag uimhir a haon i naoi gcathair: Cathair Nua-Eabhrac, Chicago, Los Angeles, Atlanta, Seattle, Boston, Denver, Minneapolis, agus Washington DC.
De réir na sonraí a bhailigh Nameberry, tá sé sa dara háit i Dallas, Phoenix, agus San Francisco, rud a fhágann gurb é an rogha is mó le rá ar fud an náisiúin é.
Thuar Nameberry, faoi dheireadh 2023, go mbrisfeadh Maeve isteach sna cúig cinn is mó a bhfuil tóir uirthi sna Stáit Aontaithe – agus ní raibh siad mícheart.
Deir siad go bhfuil an-tóir air mar gheall ar an méadú ar spéis na dtuismitheoirí in ainmneacha miotaseolaíochta, mar shampla ainmneacha mar Luna, Finn agus Freya.
Tá baint ag an ainm, a chiallaíonn ‘ise atá i gceannas’ le Méabh Banríon na Troda – ach d’fhéadfadh go bhfuil an-tóir uirthi sna Stáit Aontaithe mar gheall ar charachtair éagsúla ‘Maeve’ a bheith le feiceáil i seónna móréilimh.
Is ainm carachtar é a bhí ag Thandiwe Newton ar Westworld; Is carachtar í Maeve freisin sa seó Netflix Sex Education; agus an Bhanríon Maeve le feiceáil sa seó superhero Meiriceánach The Boys.
Deir an suíomh Gréasáin, Appellation Mountain, a thuairiscíonn ar ainmneacha leanaí, go bhfuil an t-ainm Maeve mar ‘Erin na glúine seo’, ag rá go bhfuil sé ‘ag dul i méid i gcónaí’.’
Mar sin féin, níl Méabh sna hainmneacha is coitianta in Éirinn, de réir na staitisticí is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (CSO).
I 2023, bhí Maeve ag uimhir 80 ar an liosta, agus 69 cailín leanbh leis an ainm.
Ba iad seo na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar chailíní in Éirinn anuraidh (Léiríonn na huimhreacha idir lúibíní an áit a gcuirtear an t-ainm ar an liosta ginearálta):
1. Fiadh (2);
2. Éabha (8);
3. Croía (23);
4. Caoimhe (26);
5. Saoirse (27);
6. Cara (27);
7. Aoife (31);
8. Róisín (36);
9. Erin (40);
10. Sadhbh (40).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.