Cailín sna déaga bás agus ceathrar eile gortaithe i dtimpiste bóthair

Bhí an cailín a fuair bás 15 bliana d’aois. Bhí triúr eile sa charr céanna – fear ina 20idí, bean ina 20idí, agus cailín eile sna déaga

Fuair cailín sna déaga bá in imbhualadh (collision) idir dhá charr i gCo. Thiobraid Árann tráthnóna Déardaoin.

Bhí an cailín, a fuair bás 15 bliana d’aois, agus tugadh ceathrar eile chuig an ospidéal tar éis an imbhuailte.

Tugann bás an chailín líon na ndaoine a fuair bás ar na bóithre go dtí 25, go dtí seo i mbliana.

Garda Chase Feature Image 768x448 1
Bhí triúr eile sa charr céanna – fear ina 20idí, bean ina 20idí, agus cailín eile sna déaga

Tá Gardaí san Aonach (Nenagh) ag lorg finnéithe (witnessses) don imbhualadh marfach, a tharla thart ar 6.45in, ar an R503 ag Crois na Rea (Rear Cross), Co. Thiobraid Árann.

Ba phaisinéir i gceann de na gluaisteáin í an cailín a fuair bás. Fógraíodh go raibh sí marbh ag an láthair tráthnóna Déardaoin.

Bhí triúr eile sa charr céanna – fear ina 20idí, bean ina 20idí, agus cailín eile sna déaga. Tugadh go dtí an t-ospidéal iad go léir, agus tugadh an bhean tiománaí a bhí sa dara cairr go dtí an t-ospidéal freisin.

Tugadh an ceathrar a gortaíodh in otharcharr go dtí Ospidéal Ollscoile Luimnigh le measúnú (assessment) a dhéanamh orthu.

Ní mheastar go bhfuil a gcuid gortaithe bagrach don bheatha (life threatening).

Tá corp an chailín a fuair bás aistrithe go dtí an marbhlann (morgue) in Ospidéal na hOllscoile Luimneach áit a ndéanfar scrúdú iarbháis.

Dúnadh an bóthar chun scrúdú a éascú ag Imscrúdaitheoirí Imbhuailtí Fóiréinseacha an Gharda Síochána (Garda Forensic Collision Investigators), agus bhí atreoruithe tráchta (traffic diversions) áitiúla i bhfeidhm.

Tá líon na mbásanna ar na bóithre i mbliana 25 anois
Tá líon na mbásanna ar na bóithre i mbliana 25 anois

D’iarr na Gardaí ar fhinnéithe teacht chun tosaigh agus ar aon duine a bhfuil píosaí scannáin ceamara (dashcam san áireamh) acu ón gceantar ag an am é a sholáthar do na Gardaí.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil faisnéis acu dul i dteagmháil le Stáisiún Garda an Aonaigh ag 067 50450, Líne Rúnda na nGardaí ag 1800 666 111, nó le haon Stáisiún Garda.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram