Ní raibh ionadh ar éinne nuair a chuir Louis Walsh é féin i dtrioblóid ar Celebrity Big Brother, agus é ag labhairt amach.
Mar sin féin, chuir cuid de na rudaí a dúirt sé isteach ar dhaoine a raibh a dhlúthchairde tráth.
Ní raibh Louis riamh ina dhuine chun a bhéal a choinneáil dúnta faoi dhaoine eile, agus le ceamara á scannánú 24/7 air agus é ag roinnt teach Celebrity Big Brother le go leor daoine cáiliúla eile a bhí ag lorg aird, bhí sé réidh le cibé rud a thaitin leis a rá.
Mar sin féin, dúirt sé rudaí an-mhaslach agus é ag caint faoi iar-chomhghleacaithe oibre agus réaltaí an ghnó ceoil.
Ar an gcéad dul síos, rinne sé magadh ar Jedward, agus tháinig na leaids ar ais go han-tapa agus labhair siad chomh criticiúil faoi Louis.
Cháin sé Ronan Keating freisin, ach nuair a cuireadh ceist air Ronan, ar The Late Late Show, dhiúltaigh sé Louis a cháineadh, cé go ndearna sé é níos luaithe.
Rinne Louis magadh freisin ar James Corden agus Anna Wintour ó Vogue.
Mar sin féin, níor leor an chúlchaint faoi réaltaí ‘showbiz’ a léirigh sé, chun coróin an Celebrity Big Brother a fháil dó, mar chuaigh sé chuig David Potts.
Ag This Morning Dé Luain, dúirt Louis nach bhfuil aon aiféala air faoina thuairimí – go deimhin, dúirt sé go bhfuilimid ar fad mar sin in Éirinn.
Dúirt sé: ‘Sílim gur rud Éireannach é, is gnách linn cad a bhraitheann muid a rá. Ní raibh mé mailíseach faoi dhaoine.
‘Ní raibh mé ach cineálta ag insint do dhaoine an chaoi mar atá siad i ndáiríre.’
Mar sin féin, dúirt Louis go raibh aiféala (regret) air maidir le cuid dá thuairimí.
Nuair a fiafraíodh de faoi Ronan, an uair seo bhí sé i bhfad ní ba chaointe ina chuid focal, ach dúirt sé nach raibh ann ach cuid dá gcaidreamh.
‘Oibrí den scoth é, tá sé an-tiomáinte, an-mhaith agus thug sé bata is bóthar dom … mar sin ní deirim rudaí iontacha faoi.
‘Ach ní dhéanaim doicheall air agus is duine maith é. Mar sin, caithfidh mé é sin a chur amach ansin agus is beagán “panto” atá i gceist idir an bheirt againn.’
Shéan Louis go raibh a iompar ar fad mar chuid de phlean chun Celebrity Big Brother a bhuachan.
‘Bhí mé ag iarraidh a bheith macánta,’ a dúirt sé.
‘Ní raibh mé ag iarraidh a bheith cosúil le gach duine eile, mar sin shuigh mé siar agus d’fhéach mé ar gach rud. Bhí mé ag insint do Big Brother cad a bhí ar siúl,’ a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.