Tá sochraid dhearthár Ronan Keating ar siúl Déardaoin. Bhí Ciarán, athair de thriúr, 57 bliain d’aois. Bhí cónaí air lena theaghlach i gCathair na Mart, (Westport), Co. Mhaigh Eo.
Fágann sé a bhean in a dhiaidh, chomh maith lena dtriúr clainne, Conall, Ruairí, agus Aisling, a dheirfiúr Linda, na deartháireacha Gerard, Gary agus Ronan, agus baill den teaghlach sínte.
Tá a shochraide ar siúl ag meán lae Déardaoin i Séipéal Phádraig, Cluain Cearbán (Louisburg), Co. Mhaigh Eo.
Stop Ronan, 46, gach rud a bhí á dhéanamh aige chun teacht abhaile nuair a chuala sé an nuacht.
Chuir a chomh-réalta Boyzone Keith Duffy post ar líne: ‘Ní féidir liom caillteanas agus léirscrios mo dheartháir @rokeating agus teaghlach Keating ar fad a thuiscint.’
Bhí Ciarán páirteach i dtimpiste ar Dé Sathairn agus é ag tiomáint lena bean chéile Annmarie chun a mac a fheiceáil ag imirt sacair.
Maraíodh é sa timpiste ar an N5, gar do Bhéal Átha na Muice (Swinford), i gCo. Mhaigh Eo, ag thart ar 3.35pm.
Bhí sé féin agus Annmarie ar a mbealach chun a mac, Ruairí, a fheiceáil ag imirt do Cork City in aghaidh Sligo Rovers, i gcluiche Sraithe na hÉireann.
Tuigtear gur chuir Ruairí tús leis an gcluiche ag The Showgrounds ach tháinig sé as ag leath-am.
Bhain an timpiste marfach le dhá charr i mbaile fearainn Bhaile Uí Mhaoilíosa (Ballymiles), gar do Both Chomhla (Bohola) agus do Bhéal Átha na Muice.
Tugadh Annmarie – múinteoir meánscoile clúiteach – go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo. Deirtear nach bhfuil a cuid gortaithe bagrach don bheatha ach tá siad go dona.
Bhain gortuithe tromchúiseacha do thiománaí fireann an dara cairr agus aistríodh go hOspidéal Ollscoile Mhaigh Eo é freisin.
Tugadh paisinéir fireann eile san fheithicil sin chuig an ospidéal freisin.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar Extra.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.