Simon Harris agus an triúr eile atá in ann níos mó tóir a chur ar Fhine Gael

25/03/2024

Beidh Simon Harris ina Thaoiseach ach níl aon tóir ar a pháirtí i measc na vótálaithe, mar sin cad is féidir leis a dhéanamh?

Tá dúshlán ollmhór roimh cheannaire nua Fhine Gael, Simon Harris, mar go bhfuil tacaíocht i measc na vótálaithe íseal – agus sprid (morale) i measc na dTeachtaí Dála agus na seanadóirí íseal freisin.

Ach tá roinnt daoine laistigh d’Fhine Gael atá in ann cabhrú le treisiú a thabhairt don pháirtí, treisiú a bhfuil géarghá leis.

Kate O'Connell
Kate O’Connell

Roghnaíodh an tUasal Harris mar cheannaire an pháirtí Dé Domhnaigh agus toghfar é ina Thaoiseach nuair a fhillfidh an Dáil tar éis shos na Cásca ar 9 Aibreán – ach tá sé i gceannas ar pháirtí a bhfuil go leor trioblóidí aige.

Bhí díomá tagtha ar Theachtaí Dála agus ar sheanadóirí faoi cheannaireacht an Uasail Varadkar.

Léiríonn anailís a rinne an Irish Mail on Sunday ar na 43 toghcheantar ar fad sa tír go bhfuil Fine Gael i mbaol mór 15 as na 35 suíochán a bhuaigh sé i dtoghchán 2020 a chailleadh.

Bheadh sé sin an toradh toghcháin is measa don pháirtí ó bhí Michael Noonan ina cheannaire in 2002.

Ceann de na cúraimí a bheidh ar an Uasal Harris ná labhairt le cuid den 11 Teachta Dála a dúirt nach seasfaidh siad don pháirtí sa chéad olltoghchán eile.

Táthar ag súil go ndéanfaidh sé iarracht iad a chur ina luí orthu a n-intinn a athrú.

Agus is iad an triúr a meastar a bheidh ar bharr a liosta ná: an TD i gCiarraí Brendan Griffin; an TD i gCeatharlach-Cill Chainnigh (Carlow-Kilkenny) John Paul Phelan; agus an iar-TD i mBaile Átha Cliath Kate O’Connell, atá ina dlúthchara leis an Uasal Harris.

Tá foireann an Uasail Harris ‘dóchasach’ go ndéanfaidh na hiar-airí Griffin agus Phelan, agus Ms O’Connell, athmhachnamh ar a gcinneadh, rud a chuirfidh le seansanna toghchánaíochta Fhine Gael.

Dúirt foinsí gur dócha go mbeadh an tUasal Griffin sásta theacht ar ais dá mbeadh poist mar Aire ‘Super-Junior’ aige; sé sin aire shóisearach (junior minister) le ról an phríomh-Aaoire (chief whip), rud a chiallódh go bhfreastalódh sé ar chruinnithe Comh-Aireachta (Cabinet).

Is eol freisin go bhfuil dlúthchaidreamh ag an Uasal Harris leis an Uasal Phelan, agus gur cairde fadtéarmacha iad a mhná céile.

Simon Harris 1
Simon Harris Pic: Gareth Chaney/ Collins Photos

Dúirt Fine Gael sinsearach go bhfuil Griffin tábhachtach mar nach dócha go mbuafadh éinne eile a shuíochán d’Fhine Gael.

Dúirt siad go raibh John Paul Phelan gníomhach an tseachtain seo caite mar gheall ar chomórtas ceannaireachta agus go raibh leibhéal nua fuinnimh aige.

D’fhéadfadh Ms O’Connell suíochán a bhuachan i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas. Sin áit ar éirigh go maith le Fine Gael roimhe seo, ach áit nach bhfuil aon TD de chuid Fhine Gael ó d’éirigh Eoghan Murphy as i 2021.

Mhol sí Simon Harris an tseachtain seo caite agus dúirt sí go gcaithfidh sí cúpla seachtain ag smaoineamh ar a todhchaí polaitíochta.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram