Ráiteas mothúchánach (emotional) ag Leo Varadkar: Tá sé ráite aige go bhfuil sé ag éirí as mar Thaoiseach

Tá an tUasal Varadkar ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael freisin tar éis cruinniú drámatúil den Chomh-aireachta (Cabinet)

Tá Leo Varadkar ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael. Bhí cruinniú ag an gComh-aireacht i dTithe an Rialtais roimh an bhfógra.

Dúirt sé: ‘Tar éis seacht mbliana in oifig, ní bhraithim go bhfuil mé ar an duine is fearr don phost sin a thuilleadh.’

Dúirt sé go bhfuil sé ag éirí as mar cheannaire Fhine Gael anois, agus go bhfanfaidh sé mar Thaoiseach go dtí go dtoghfar ceannaire páirtí nua tar éis shos na Cásca.

Beidh dhá mhí iomlán ag an Taoiseach nua roimh na toghcháin áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh, a dúirt sé.

‘Tá fáthanna pearsanta agus polaitíochta agam le éirí as… creidim gurb é atoghadh (re-election) an Rialtais trí-pháirtí seo an rud ceart do thodhchaí (future) ár dtíre,’ ar sé.

‘Tar éis machnamh cúramach creidim go mbeidh Taoiseach nua in áit níos fearr ná mise chun é sin a bhaint amach.

Dúirt sé freisin ‘tar éis seacht mbliana in oifig, ní bhraithim go bhfuil mé ar an duine is fearr don phost sin a thuilleadh’.

Creidtear nach mbaineann sé seo le holltoghchán a chaithfidh tarlú an bhliain seo chugainn, ach go bhféadfadh taobh Fhine Gael den chomhrialtas a bheith i gceist leis.

Leo Varadkar 1 1
Leo Varadkar

Tháinig an pobal i gcoitinne ar an eolas ar dtús go raibh rud éigin ag tarlú tar éis tuairiscí ar chruinnithe i dTithe an Rialtais ar maidin.

Dúirt Varadkar nach bhfuil aon phleananna aige sa pholaitíocht don todhchaí agus níor thug sé le fios go raibh aon chúis eile aige éirí as.

Tá go leor tuairimíochta ann maidir le cén fáth ar éirigh sé as anois – dúirt sé go raibh cúiseanna pearsanta agus polaitiúla ann. Chuir an cinneadh a rinne sé iontas ar iriseoirí polaitiúla, áfach.

Bhí na hAirí as baile ar dhualgais Lá Fhéile Pádraig an tseachtain seo caite freisin.

Cuireadh in iúl do na hAirí a bheith ag súil leis an bhfógra tar éis chruinniú na Comh-Aireachta.

In 2018, rinne Rialtas an Uasail Varadkar maoirseacht ar aisghairm an Ochtú Leasú.

Ansin, aontaíodh comhaontú comhrialtas le Fianna Fáil, le tacaíocht ón gComhaontas Glas.

Rinneadh Tánaiste agus Aire Fiontar de Leo Varadkar.

I mí na Nollag 2022 d’fhill sé ar oifig an Taoisigh, mar chuid de chomhaontú leis an gcomhrialtas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram