Éiríonn cathaoirleach bhord RTÉ as faoi bhrú ó Aire Martin

23/02/2024

Bainistíocht RTÉ i gcruachás leis an gcathaoirleach ag éirí as; agus deir Aire sinsearach eile: ‘Ní stopfaidh sé ansin’

Tá cathaoirleach bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh tar éis éirí as. D’fhógair Siún Ní Raghallaigh go bhfuil sí ag éirí as a post tar éis d’Aire na Meán Catherine Martin teip a rá go raibh muinín aici aisti.

Bhí Ms Ní Raghallaigh ina ball de bhunaitheoirí TG4 nuair a tugadh TnaG air, agus bhí baint fhada aici leis an gcainéal teilifíse Gaeilge.

Sular fhógair Ms Ní Raghallaigh a cinneadh éirí as, dúirt an tAire Catherine Martin gur chuir Ms Ní Raghallaigh mí-eolas uirthi ‘faoi dhó an tseachtain seo’ faoi phacáiste scoir conspóideach ag RTÉ.

Siun Ni Raghallaigh feat
Bhí baint fhada ag Siún Ní Raghallaigh le TG4 roimh dul go RTÉ

Chomh maith leis sin, dúirt Aire Sinsearach Comh-aireachta oíche Déardaoin go bhfuil an fhorbairt seo an-tromchúiseach. ‘Caithfidh an chathaoir dul, ach ní stopfaidh sí ansin. Más rud é go raibh Bakhurst sna cruinnithe inar tugadh ráthaíochtaí, tá sé i dtrioblóid freisin,’ a dúirt an aire eile.

Léirigh an tAire Martin muinín san ardstiúrthóir, Kevin Bakhurst, Déardaoin ach dhiúltaigh sé an deis sin a dhéanamh faoi Ms Ní Raghallaigh.

Dúirt Ms Martin go raibh sé tagtha chun solais gur cheadaigh coiste luach saothair (remuneration committee) an bhoird íocaíocht scoir an iar-phríomhoifigeach airgeadais (chief financial officer) Richard Collins.

Dhiúltaigh an tAire Martin trí huaire, oíche Déardaoin, a rá go raibh muinín aici sa chathaoir.

‘D’iarr mé bualadh léi ar maidin chun ligean di a mhíniú cad a tharla an tseachtain seo,’ a dúirt an tAire.

Mhínigh an tAire go bhfuil a caidreamh le RTÉ tríd an gcathaoir, agus mar sin go gcaithfidh sí ‘a bheith in ann brath ar na fíricí’.

Catherine Matin
Catherine Matin

Dúirt Ms Martin gur tugadh eolas mícheart di, ‘dhá uair an tseachtain seo’. Ach dúirt sí go bhfuil sé ‘ceart agus cóir go míníonn Siún an scéal seo dom’.

Ach, anois tá Iníon Ní Raghallaigh tar éis éirí as.

I ráiteas a eisíodh díreach roimh 1rn Dé hAoine, dúirt Ms Ní Raghallaigh go raibh sé ‘thar a bheith soiléir’ nach raibh muinín aici ag an Aire aisti a thuilleadh.

‘Is cúis bhróin dom éirí as, ach níl sé dosheachanta,’ a dúirt sí.

Tá aithne ar Ms Ní Raghallaigh, atá 65 bliain d’aois, mar gheall ar a caidreamh le TG4, agus í ina cathaoirleach ar feadh dhá théarma chúig bliana ó 2012 go dtí Aibreán 2022.

Bhí sí ar dhuine de bhunaitheoirí Theilifís na Gaeilge (TnaG) freisin, mar a tugadh ar TG4 ar dtús.

Kevin Bakhurst
Kevin Bakhurst

Dúirt Ms Martin le Prime Time ar RTÉ Déardaoin: ‘Ar maidin inniu… tá sé curtha in iúl dom anois go deimhin sa dara pacáiste scoir [na bliana seo caite], i gceann [iar-phríomhoifigeach airgeadais] Richard Collins, chuaigh sé os comhair an Choiste Luach Saothair (Remunerations Committee) agus mar sin faomhadh (approved) é ag… bhí próiseas ann ina raibh faomhadh (approve) ag an mbord.

‘Níl sé sásúil. Dúirt mé i gcónaí gurb é mo líne dhíreach cumarsáide maidir le RTÉ ná trí chathaoirleach an bhoird agus mar sin tá an-díomá orm faoi seo agus scríobh mé chuig an gcathaoirleach tráthnóna inniu agus d’iarr mé bualadh léi amárach chun é seo a phlé.’

Dúirt Ms Martin gur tugadh ‘eolas mícheart dhá uair an tseachtain seo’ di.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram