Von der Leyen ag lorg atoghadh – agus b’fhéidir go mbeidh tacaíocht Fhine Gael ag teastáil uaithi

Bhí Von der Leyen ina cheannaire ar an gCoimisiún Eorpach nuair a labhair sí amach ag tacú (support) le hionsaithe Iosrael ar Gaza

Tá sé beartaithe ag Ursula von der Leyen dara téarma a lorg mar uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach – agus tá seans go mbeidh tacaíocht ó Fheisirí Eorpacha (MEPs) Fhine Gael i bParlaimint na hEorpa ag teastáil uaithi chun é a fháil.

Tá sé beartaithe aici a hintinn a fhógairt ag cruinniú de chuid an Aontais Daonlathach Críostaí (Christian Democratic Union, CDU) i mBeirlín Dé Luain.

Tá ceannaire na hinstitiúide is cumhachtaí sa Bhruiséil, von der Leyen, 65, cáinte go láidir as a dtacaíocht d’ionsaithe Iosrael ar Gaza.

Ursula von der Leyen in Iosrael
Ursula von der Leyen in Iosrael

Thug Von der Leyen, polaiteoir Gearmánach, cuairt ar Iosrael le déanaí agus léirigh sí dlúthpháirtíocht le hIosrael ar son an Aontais Eorpaigh.

Ag seasamh in aice le Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu dúirt von der Leyen go bhfuil sé de cheart ag Iosrael í féin a chosaint.

Tar éis di fulaingt na bPalaistíneach neamhchiontach a admháil, dúirt sí: ‘Tá a fhios agam go léireoidh freagairt Iosrael gur daonlathas í.’

Tar éis chuairt von der Leyen ar Iosrael, dúirt an Taoiseach agus ceannaire Fhine Gael leis an Dáil nach raibh deacracht ar bith aige a rá gur chreid sé go raibh easpa cothromaíochta i dtuairimí von der Leyen agus gur dúirt sé é seo léi go díreach.

Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn nach raibh sí ‘ag labhairt ar son na hÉireann’ agus cháin ceannairí fhormhór na bpáirtithe polaitíochta in Éirinn von de Leyen a dtacaíocht d’Iosrael.

Má sheasann sí sa toghchán d’fhéadfadh sí aghaidh a thabhairt ar Phríomh-aire na hEastóine, Kaja Kallas.

Má roghnaíonn a páirtí an CDU von der Leyen, ní mór di tacaíocht a fháil ó dhá pháirtí eile laistigh de ghrúpa Páirtí an Phobail Eorpaigh (European People’s Party EPP) i bParlaimint na hEorpa. Is é sin an ghrúpáil sa pharlaimint ina bhfuil Feisirí Eorpacha freisin ó Fhine Gael chomh maith le páirtithe rialaithe sa Ghréig, an Liotuáin agus an tSualainn.

Ní mór di vóta a bhuachan ansin ag Comhdháil an EPP i mí an Mhárta, a bheidh ar siúl i mBúcairist, sula dtabharfaidh sí aghaidh ar an gcruachás deiridh i mí an Mheithimh nuair a chuirfear tús leis an gcaibidlíocht faoi phoist is fearr sa Bhruiséil.

Faoi phróiseas Spitzenkandidaten, tá rogha uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh nasctha le torthaí thoghchán Pharlaimint na hEorpa atá sceidealta don 6-9 Meitheamh.

Cinnfear cad a tharlóidh i mí an Mheithimh de réir an chéatadáin den vóta a bheidh ag an EPP tar éis an toghcháin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram