Éist leis an agallamh anseo: Tús luath do Sheachtain na Gaeilge ag Marino

18/02/2024

Seachtain lán d’fhilí le ceol traidisiúnta agus Gaeilge do mhúinteoirí na todhchaí i Marino

Tá aithne ag lucht féachana Céilí House ar na ceoltóirí a rinne staidéar ag Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath, mar is minic a bhí an coláiste le feiceáil ar an gclár teilifíse – ach i mbliana beidh rud éigin difriúil ar siúl acu.

Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht go luath i Marino – ag tosú Dé Luain, 19 Feabhra, le ceiliúradh ar an teanga agus ag leanúint ar aghaidh i rith na seachtaine.

Déanfaidh uachtarán na hInstitiúide, an tOllamh Teresa O’Doherty, an ócáid a sheoladh ar an Luan, 19 Feabhra
Déanfaidh uachtarán na hInstitiúide, an tOllamh Teresa O’Doherty, an ócáid a sheoladh ar an Luan, 19 Feabhra

Agus in a dhiaidh sin beidh na mic léinn ó Marino ag dul amach ar shocrúchán.

Beidh seachtain lán d’imeachtaí ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal Marino.

Déanfaidh uachtarán na hInstitiúide, an tOllamh Teresa O’Doherty, an ócáid a sheoladh ar an Luan, 19 Feabhra, nuair a bhaileoidh idir mhic léinn agus bhaill foirne Marino le chéile chun a gcuid Gaeilge a cheiliúradh le cupán tae agus san oíche chéanna, beidh Oíche Scannáin ar siúl ag na mic léinn féin.


marino feat1

Eist le hagallamh faoi Sheachtain na Gaeilge i Marino anseo. Bhí sé ar Blas na
Cathrach ar Raidio na Life 106.4fm, raidio do lucht na Gaeilge i mBaile Átha Cliath


Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh Dé Máirt, nuair a thiocfaidh amhránaithe agus ceoltóirí Marino le chéile chun ceolchoirm speisialta a chur ar siúl ag am lóin do mhórphobal Marino.

Ní amháin go raibh an Ghaeilge i gcónaí láidir i Marino ach bhí an ceol i gcónaí ag croílár an chultúir Ghaelaigh san Institiúid. Tiocfaidh críoch le himeachtaí an lae le hoíche shóisialta ag na mic léinn.

marino robbie irwin
Léachtóir agus oifigeach Gaeilge Robbie Irwin

Lá mór gnóthach a bheidh ann Dé Céadaoin nuair a bheidh céilí mór acu le linn am lóin agus iad ag ullmhú don turas mór an oíche sin.

Rachaidh siad, mar a théann siad gach bliain, go Gaeltacht Ráth Chairn chun oíche Ghaelach a bheidh acu lán de scéalta, dhamhsa, cheol agus craic.

Cuireann muintir Ráth Chairn fáilte roimh phobal Marino gach bliain agus is deis é do mhic léinn foghlaim faoi stair na háite agus stair na Gaeltachta.

Cuirtear fáilte speisialta roimh na mic léinn idirnáisiúnta a théann ar an turas gach bliain.

Ceannaire Oideachais Ceoil ag Marino Máire Nuinseann PhD
Ceannaire Oideachais Ceoil ag Marino Máire Nuinseann PhD

Cláraíonn grúpa mór de mhic léinn idirnáisiúnta ar an mBonnchlár Idirnáisiúnta i Marino, áit a ndéanann siad staidéar ar feadh bliana agus iad ag súil le dul ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide.

Chun críoch a chur le himeachtaí na seachtaine, beidh cluiche mór biongó trí mheán na Gaeilge ar siúl ag am lóin Déardaoin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram