Scéalta na Seachtaine: Tar éis Seachtain na Gaeilge tá Saol na Gaeilge … agus tá sé beo is bríomhar

17/03/2024

Tá níos mó daoine ná riamh ag iarraidh baint a bheith acu leis an teanga mar gheall ar Sheachtain na Gaeilge. Seo cúpla áit le dul.

Tá Seachtain na Gaeilge na bliana seo –  an ceann is rathúla riamh –  ag druidim chun deiridh, mar sin féin tá tús tar éis teacht ar ré nua i Saol na Gaeilge.

Tá go leor ag tarlú maidir leis an nGaeilge agus tá píosa spéisiúil faoi in The Guardian:

Michael Fassbender agus Kneecap le chéile sa scannán
Michael Fassbender agus Kneecap le chéile sa scannán

‘I feel free in Irish’: from the Oscars to the Baftas to Sundance – why Gaelic is everywhere

Thug siad faoi deara an t-athrú cultúrtha atá ag tarlú anseo.

‘Across Ireland, English is playing second fiddle to Irish in emerging arts scenes,’ de réir an ailt.

Chuir siad in iúl freisin an tábhacht a bhaineann le rathúlacht scannáin Ghaeilge mar An Cailín Ciúin agus Kneecap i bpictiúrlanna ar fud an domhain:

‘Cinema is fast become the Irish language’s calling card internationally.’

Is cinnte go bhfuil rud éigin dearfach ag tarlú sna healaíona in Éirinn go háirithe sa cheol nua atá ag teacht amach agus, ar ndóigh sna scannáin, agus dar leis an Guardian:

 ‘The Irish language is an intrinsic part of this cultural renaissance.’

Ní rud nua é sin, áfach, do ghrúpaí ar nós Conradh na Gaeilge, Gael Linn agus Glór na Gaeilge, i measc na ngrúpaí atá ag brú go diongbháilte i gcoinne táimhe (inertia) cuid dár státseirbhísigh, polaiteoirí agus eagraíochtaí meán cumarsáide.

Mar sin féin, tá na grúpaí atá ag brú na Gaeilge ag brú ar dhoras atá ag oscailt os a gcomhair

An Cailín Ciúin
An Cailín Ciúin

De réir staidéar a rinne Baile Átha Cliath le Gaeilge tá 64% de dhaoine i mBaile Átha Cliath ag iarraidh tuilleadh deiseanna Gaeilge a labhairt sa chathair.

Cuireann siad liosta áisiúil ar fáil freisin de na háiteanna ‘in aice leat’ má tá suim agat páirt a ghlacadh sa chomhrá i nGaeilge, is cuma cé acu atá tú díreach tosaithe nó líofa.

In ainneoin na bhfigiúirí seo, áfach, tá an tAire Oideachais Norma Foley ag diúltú éisteacht leis na hachainí  ar Ghaelcholáiste a chur ar fáil don ollcheantar a chlúdaíonn Baile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8.

Tá a fhios ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath cad atá ar siúl. Bhí a gcéad chruinniú riamh acu i nGaeilge.

Agus ní i mBaile Átha Cliath amháin atá sé seo. Mar shampla tá pobal Gaeltachta faoi bhláth i gCill Dara.

Bhí comórtas ealaíne (daltaí meánscoile agus bunscoile) agus comórtas scríbhneoireachta (daltaí bunscoile amháin) eagraithe, leis na pictiúir ar taispeáint i leabharlann Nás na Ríogh le linn Sheachtain na Gaeilge.

Agus is buaicphointe Sheachtain na Gaeilge sa cheantar ná an Fhéile Sráide a bheidh ar siúl ar Lá Fhéile Pádraig.

Seachtain na Gaeilge: Ambasadóir Kayleigh Trappe
Ambasadóir Kayleigh Trappe

Thosaigh an Fhéile Sráide i 2018 le stáitse amháin ag Teach na Cúirte agus i mbliana beidh ceithre shuíomh ann ar phríomhshráid Nás na Ríogh.

Agus chun teacht ar an gcuid is mó d’imeachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, ó ranganna, go ciorcail chomhrá go pop-up Gaeltachta, tá an t-eolas ar fad ag Peig:

Peig

Tá an-chuid ar líne freisin. Le haghaidh scríbhneoireacht iontach agus aistí suimiúla, dóibh siúd atá líofa sa Ghaeilge tá:

Comhar.ie https://comhar.ie/

Le tuairisciú laethúil ar chúrsaí reatha, ar chultúr agus ar spórt mar aon le míreanna tráchta agus ailt oideachasúla, léigh tuairisc.ie gach lá. Gheobhaidh tú ar a laghad alt suimiúil amháin i gcónaí. Tá colúnaí iontach acu freisin. Agus má tá tú ag streachailt le focal in alt, cliceáil ar an Foclóirí sa chúinne uachtarach ar chlé agus ansin is féidir leat cliceáil ar aon fhocal chun an t-aistriúchán a fháil:

Tuairisc.ie  https://tuairisc.ie/

Le haghaidh an cheoil, na siamsaíochta agus na n-ealaíon is déanaí agus aistí suimiúla:

Nós https://nos.ie/

Agus suíomh idirlín nua Gaeilge eile is ea:

Éirebheo https://www.eirbheo.ie/

Cuireann RTÉ seirbhís nuachta ar líne ar fáil chomh maith, le roinnt nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta agus naisc le scéalta ón nGaeltacht:

Nuacht https://www.rte.ie/news/nuacht/

Agus ar ndóigh tá:

ExtraG.ie www.extraG.ie


Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram