Níor ghlac TG4 an cúram cuí chun imní (distress) a sheachaint le clár faisnéise faoin tragóid i gCraoslaigh, a dúirt Coimisiún na Meán

Theastaigh ó theaghlaigh fanacht go dtí go raibh fiosrúchán na nGardaí thart

Dúirt Coimisiún na Meán go ndearna clár faisnéise TG4 faoi thragóid an Chraoslaigh, inar bhásaigh 10 nduine, dochar (harrm) agus masla (offence).

Craoladh an clár, Iniúchadh TG4 – An Craoslach, ar 8 Feabhra 2023, díreach míonna tar éis na pléasce sa bhaile i nDún na nGall i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Bhí an clár ag sárú an Achta Craolacháin 2009 (Broadcasting Act 2009) toisc nár ghlac TG4 an cúram cuí (due care) chun imní (distress) a sheachaint, a dúirt an Coimisiún.

An Craoslach
An Craoslach

Taispeánadh é freisin sular críochnaíodh imscrúdú Garda ar an bpléascadh. Dúirt an Coimisiún freisin go bhféadfadh TG4 imní (distress) a sheachaint do theaghlaigh trí dhul i gcomhairle leo sula craoladh é.

Mar sin féin níor sheas Coimisiún na Meán, a tháinig in ionad Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI),le gearáin gur sháraigh an clár riail phríobháideachta agus cosaint leas an phobail.

Ba é Killian Flanagan a rinne an gearán thar ceann a dheirfiúr, Áine. Maraíodh iníon Áine, Shauna, a bhí cúig bliana d’aois, agus a páirtí, Robert Garwe, a bhí 50 bliain d’aois, sa phléasc ag stáisiún Applegreen ar an 7 Deireadh Fómhair 2022.

Dúirt an tUasal Flanagan le Liveline ar RTÉ i mí Feabhra seo caite freisin gur iarr sé ar TG4 gan an clár a chraoladh fad is a bhí imscrúdú na nGardaí ar siúl.

Dúirt sé go raibh imní ar a dheirfiúr nuair a dúirt agallaí  (interview) go raibh sé in ann cailín beag a chloisteáil ag caint ach nach raibh sé in ann teacht uirthi.

Creeslough 3 768x448 2

Níor aithin an clár cé hí an cailín agus dúirt an tUasal Flanagan gur chreid a dheirfiúr go mb’fhéidir gurbh é Shauna a bhí ann agus gurbh fhéidir go raibh sí beo tar éis na pléasce.

Dúirt sé freisin gur thug TG4 neamhaird ar iarratas a mhuintire ar fhaisnéis faoin gclár sular taispeánadh ar an teilifís é.

Dúirt TG4 go ndearnadh meán cumarsáide áirithe ‘tráchtaireacht le eolas mícheart nach raibh cabhrach’ faoin gclár agus nár iarradh athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár sular craoladh é.

Dúirt siad go bhfuair siad amach, an lá tar éis an chraolta, gur duine eile a bhí sa chailín beag, duine a tarrtháladh ón bpléasc. Dúirt siad gur chuir siad an t-eolas seo in iúl don Uasal Flanagan gan mhoill.

Dúirt Coimisiún na Meán, áfach, gur theip ar TG4 tabhairt faoin bhfáth nár aithin an clár an cailín beag agus cén fáth nár míníodh gur tháinig sí slán as an bpléasc.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram