Tháinig méadú ar an teannas Dé Domhnaigh idir Taiwan agus an tSín tar éis don fhear a bhí brandáilte ag na Sínigh mar scarúnaí contúirteach (dangerous separatist) a bheith tofa ina uachtarán nua i Taiwan.
Bhí faitíos ann go bhféadfadh géarchéim idirnáisiúnta eile a bheith mar thoradh air seo ina mbeadh fadhb ag na Stáit Aontaithe mar tá siad ag tacú leis an Úcráin agus ag Iosrael cheana féin agus ag ionsaí áiteanna in Yeman.
Dúirt Lai Ching-te, ón bPáirtí Daonlathach Forásach (Democratic Progressive Party), atá ag iarraidh Taiwan a threorú amach ó thionchar Béijing, do na vótálaithe sular osclaíodh na pobalbhreitheanna, go raibh rogha acu idir an daonlathas agus an t-ollsmachtachas (totalitarianism).
‘Tá an domhan ar fad ag faire,’ a dúirt sé.
Níos déanaí, ina óráid bhua, dúirt an t-iar-dhochtúir gur léirigh vótóirí an oileáin don domhan ‘an grá atá againn don daonlathas’.
Ba é Hou Yu-ih, ó pháirtí an fhreasúra Kuomintang, an t-iarrthóir ar thaobh Beijing, atá ag iarraidh naisc níos dlúithe leis an tSín.
Tá cónaí ar 23 milliún duine i Taiwan.
Bhí faitíos ann go n-ardódh toradh an toghcháin tuilleadh teannais idir na Stáit Aontaithe agus an tSín agus iad in iomaíocht le haghaidh tionchair sa réigiún Ind-Aigéan Ciúin.
Roimh an toghchán, dúirt aireacht cosanta Beijing go raibh an t-arm ‘ar an t-airdeall i gcónaí’ agus go scriosfadh sé aon aistriú i dtreo neamhspleáchais.
Dúirt an tUasal Lai ina óráid bua go bhfuil sé chun ‘Taiwan a chosaint ó bhagairt agus imeaglú leanúnach ón tSín’. Ach dúirt sé go n-úsáidfidh a rialtas ‘idirphlé in ionad achrann’.
Rinne urlabhraí do roinn stáit (state department na Stát Aontaithe comhghairdeas le muintir Taiwan ‘as láidreacht a gcóras daonlathach agus a bpróiseas toghcháin láidir a léiriú arís’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.