Tá tacaíocht tugtha ag Rialtas na hÉireann don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus iad ag déileáil leis an gcoimhlint i nGaza.
Rinne príomh-ionchúisitheoir na cúirte líomhaintí i gcoinne cheannairí Iosraelacha agus ceannairí Hamas mar gheall ar an gcogadh.
Is é ról na cúirte idirnáisiúnta sin ná rialtais a rinne coireanna in aghaidh daoine a thabhairt os comhair an cheartais.
Tá iarratas déanta ag ionchúisitheoir (prosecutor) na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (international criminal court) Karim Khan ar bharántais ghabhála (arrest warrants) i gcoinne ceannairí Iosrael agus Hamas mar gheall ar an gcoimhlint a d’fhág gur maraíodh thart ar 35,000 duine, mná agus leanaí a bhformhór, nach raibh baint ar bith acu leis an gcogadh.
Ach tá an chúirt cáinte ag Uachtarán Mheiriceá Joe Biden agus ráiteas láidir déanta aige ag tacú le ceannaire Iosrael Benjamin Netanyahu.
Rinne Biden agóid in aghaidh Khan agus ar son an Phríomh-Aire Benjamin Netanyahu agus oifigigh Iosraelacha eile.
Dúirt sé: ‘Tá iarratas ionchúisitheoir an ICC ar bharántas gabhála i gcoinne cheannairí Iosrael thar a bheith scanrúil.
‘Agus lig dom a bheith soiléir: cibé rud a d’fhéadfadh an t-ionchúisitheoir seo a thabhairt le tuiscint, níl aon choibhéis (equivelance) – aon cheann – idir Iosrael agus Hamas.
‘Seasfaimid i gcónaí le hIosrael in aghaidh bagairtí ar a shlándáil,’ a dúirt uachtarán Mheiriceá.
Dúirt an tUasal Khan go bhfuil sé ag lorg barántais i gcoinne ceannairí Iosrael as coireanna lena n-áirítear ‘marú toiliúil (willfull killing’, ‘díothú (extermination) agus/nó dúnmharú’ agus ‘ocras’.
Dúirt an Tánaiste Micheál Martin: ‘Tá sé ríthábhachtach go bhfuil meas againn ar neamhspleáchas agus neamhchlaontacht an ICC.
‘Cáineann Éire na bagairtí a tharla le déanaí i gcoinne an ICC agus a cuid oifigeach – tá a ról chun deireadh a chur le saoirse ó phionós ríthábhachtach.’
Thosaigh an cogadh amach tar éis Hamas ionsaí Iosrael, nuair a maraíodh níos mó ná 1,170 duine, sibhialtaigh den chuid is mó.
Ghlac Hamas thart ar 250 giall freisin agus fanann thart ar 124 acu i nGaza.
Tá ar a laghad 35,562 duine maraithe ag Iosrael i nGaza, sibhialtaigh den chuid is mó freisin, ó shin.
Tá léigear curtha i bhfeidhm aige freisin a bhainfeadh 2.4 milliún duine ó rochtain ar uisce glan, bia, cógais agus breosla.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.