Cathair na Gaillimhe le hathchóiriú €17.3 milliún a fháil

14/01/2024

Vótáil comhairleoirí na Gaillimhe chun cearnóga uirbeacha (urban squares) agus limistéir siúil (pedestrian areas) nua a chruthú le go mbeidh lár na cathrach níos taitneamhaí

Tá ciste €17.3 milliún curtha i bhfeidhm chun tús a chur le hathchóiriú mór ar shráideanna lár chathair na Gaillimhe, dar leis an Galway City Tribune.

An Fhaiche Mhór/Eyre Square i gcathair na Gaillimhe
An Fhaiche Mhór/Eyre Square i gcathair na Gaillimhe

Beidh feabhsuithe coisithe (pedestrianisation), soláthar troscáin (furniture), soilsiú nua agus tírdhreachtú (landscaping) i gceist leis an tionscadal.

Vótáil comhairleoirí Chathair na Gaillimhe ag cruinniú Dé Luain tacaíocht d’aon ghuth a thabhairt don togra.

Tá sé beartaithe ag an scéim feabhas a chur ar lár chathair na Gaillimhe ar fad ach díreofar i dtús báire ar na ceantair Sráide na Croise (Cross Street) agus An tSráid Láir (Middle Street) sa chathair, a deir an Galway City Tribune.


Conan OBrien 1 1

Conan O’Brien ar mhuin na muice i Loughnane’s
Butchers i nGaillimh. Cliceáil ANSEO


Táthar ag súil go mbeidh Cathair na Gaillimhe ina áit níos taitneamhaí do mhuintir na háite agus do thurasóirí mar gheall ar an bhfeabhsúchán.

Mar shampla, beidh áiseanna itheacháin (dining facilities) amuigh faoin aer – chomh maith le cruthú ‘cearnóga uirbeacha’ beaga – le sonrú ar shráid-dreach lár na cathrach amach anseo, a dúirt Pleanálaí Sinsearach Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, Eoghan Lynch, ag cruinniú Dé Luain.

Ceoltóirí ag tabhairt spraoi go Gaillimh
Ceoltóirí ag tabhairt spraoi go Gaillimh

D’fháiltigh comhairleoirí Chathair na Gaillimhe roimh na moltaí, agus dúirt iar-Mhéara na Gaillimhe, an Comhairleoir Michael Crowe, go bhfuil ‘TLC’ ar ardchaighdeán ag teastáil i gcroílár na cathrach.

De réir mar a cuireadh tús leis an bplean, léirigh Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Bonneagair agus Pleanála (Services, Infrastructure Development and Planning) na Comhairle Cathrach, Uinsinn Finn, i dtuarascáil do chomhairleoirí go bhfuil  pleananna ar bun do choisithe buan (permanent pedestrianisation) a dhéanamh ar Shráid na Croise.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram