Sábháladh 14 imircigh trí ghlao gutháin 999, nuair a thaistil siad go hÉirinn i bhfolach i leantóir cuisneora ar Dé Luain.
Chuaigh siad i dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála chun cabhair a fháil agus iad ag ‘streachailt análú (struggling to breathe)’.
Tá imscrúdú seolta anois ag Gardaí tar éis don 14 imirceach – naonúr fear, triúr ban agus beirt chailíní óga – teacht i dtír ag Europort Ros Láir i gCo. Loch Garman (Wexford) go luath maidin Dé Luain.
Chuaigh na himircigh, a chreidtear to bhfuil siad Coirdis (Kurdish) agus Vítneamach, ar long Finnlines ó chalafort Zeebrugge na Beilge (Belgium) le haghaidh an turas 26-uair an chloig.
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee gur ‘rud thar a bheith contúirteach’ a bhí i gceist.
Dúirt sí go raibh sé ‘fortuitous’ nach raibh ‘básanna tragóideacha’ mar thoradh air.
D’fhéadfadh an turas a thabhairt idir 24 uair agus dhá lá chun críche, agus tuigtear go raibh moill ar an long teacht isteach i Ros Láir maidin Dé Luain mar gheall ar an drochaimsir.
Dúirt foinse leis an Irish Daily Mail gur ghlaoigh na himircigh – a bhí i bhfolach i leantóir cuisneora – garda cósta na Breataine ag baint úsáide as fón póca.
Tuigtear go raibh faitíos orthu gur beag aer a bhí fágtha.
Chuaigh údaráis na Breataine i dteagmháil le gardaí i mBaile Átha Cliath.
Dúirt foinse: ‘Bhí deacrachtaí acu análú (breathe) agus mar sin le buíochas bhí siad in ann an glaoch a dhéanamh iad féin ón leantóir.’
Is é is dóichí ná go ndearna drong coireachta eagraithe (organised crime gang) atá bunaithe san Eoraip gáinneáil (trafficking) orthu.
Sheiceáil paraimhíochaineoirí (paramedics) iad agus ní raibh cóireáil ospidéil ag teastáil ó aon duine.
Dúirt Comhairle Dídeanaithe na hÉireann (Irish Refugee Council): ‘Is cuimhin linn an t-ochtar, lena n-áirítear beirt pháistí, a mhúchtaigh (suffocated) agus a chaill a mbeatha i gcoimeádán (container) i Loch Garman i 2001.
‘Tá súil againn go bhfuil na daoine seo, lena n-áirítear beirt pháistí, sábháilte agus go dtugtar aire dóibh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.