Bagairt ionsaí dóiteáin ag óstán Ros Cré (Roscrea)

16/01/2024

Bhí ionsaithe foréigneacha ag an ionad i Ros Cré nuair a bhí na gardaí ag tabhairt aire do mhná agus leanaí a bhí ag bogadh isteach

Thuairiscigh TD de chuid Fhianna Fáil go raibh bagairt ar an óstán i Ros Cré, i dTiobraid Árann, a dhó, áit ar throid lucht agóide le gardaí a bhí ag cosaint iarrthóirí tearmainn (asylum seekers).

Bhí grúpa de 17 mná agus páistí á dtabhairt go dtí Óstán Racket Hall i Ros Cré – ach bhailigh tuairim is 200 duine áitiúil agus daoine ón taobh amuigh chun stop a chur leo.

Tá siad mar chuid de ghrúpa de 160 a bheidh le cur san óstán.

Dúirt an Teachta Dála áitiúil de chuid Fhianna Fáil Jackie Cahill leis an Irish Daily Mail gur thuairiscigh sé bagairt ‘inchreidte (credible)’ maidir le coirloscadh (arson) san óstán laethanta roimhe sin, ó fhear a dúirt sé go raibh aithne aige air.

Jackie Cahill
Jackie Cahill

Dúirt an tUasal Cahill gur chuir an ball den lucht agóide glaoch air Déardaoin agus gur bhagair sé ‘nach mbeadh iarrthóirí tearmainn ag bogadh isteach i Racket Hall in am ar bith’ agus dúirt sé go mbeadh siad sásta é a dhó ar an gcéad deis a bhí acu.

‘Bhí a fhios agam cé a bhí ann agus dúirt sé é nuair a bhí ionsaithe coirloscadh ag tarlú, mar sin ní raibh mé chun an t-eolas a choinneáil dom féin,’ a dúirt sé.

Tháinig Aonad Ord Poiblí an Gharda Síochána (Garda Public Order Unit) go dtí Ros Cré chun déileáil le hagóidí, bhí suas le 200 duine as Ros Cré agus níos faide i gcéin ann.

Mattie McGrath
Mattie McGrath

Thosaigh an foréigean nuair a tháinig an bus a bhí ag iompar na mná agus na leanaí. Chruthaigh thart ar 40 garda ‘cordon’ chun an bus a chosaint agus é a threorú isteach go dtí an fhoirgneamh, agus bhí níos mó oifigeach lonnaithe ar an bpríomhbhóthar.

Léiríonn píosaí scannáin, a uaslódáiltear ar na meáin shóisialta, gráscar  (scuffle) ag briseadh amach idir agóideoirí agus gardaí.

Bhí mná, a bhí ag teacht isteach san ionad le feiceáil ag cosaint a bpáistí a bhí ag caoineadh agus iad ag dul tríd an ‘cordon’, agus throid gardaí chun iad a chosaint agus an lucht agóide a bhrú ar ais.

Cuireadh na radhairc i gcomparáid le hagóidí na ndílseoirí (loyalists) ag bunscoil na Croise Naofa (Holy Cross) i mBéal Feirste i 2001 agus 2002.

Dúirt Jennifer Whitmore, TD de chuid na nDaonlathaithe Sóisialta: ‘Radhairc náire i Ros Cré inniu. Ní féidir fírinniú (justification) ar bith a bheith ann le scanradh a chur ar leanaí óga agus ba chóir dóibh siúd atá i gceist breathnú fada, crua orthu féin.’

An agóid i Ros Cré
An agóid i Ros Cré

I ráiteas, dheimhnigh gardaí gur gabhadh fear amháin, ach scaoileadh saor é gan chúiseamh níos déanaí. Dhiúltaigh Gardaí freisin d’éilimh ‘mícheart’ gur úsáideadh spraeáil phiobair (pepper spray).

Dúirt urlabhraí go bhfuil siad ‘an-eolach ar an méid suntasach mífhaisnéise, dífhaisnéise agus nuacht bhréige’ atá a bhí ann.

Bhí na gardaí ag caitheamh ‘caipíní bog’, rud a chiallaíonn nach raibh siad ag caitheamh clogaid (helmets) nó armúr coirp (body armour).

Ach rinne cuid den lucht agóide iarracht an milleán a chur ar na gardaí as an trioblóid.

Dúirt Mattie McGrath, TD Neamhspleách Thiobraid Árann, ar RTÉ: ‘Má chothaigh éinne teannas agus fearg inniu b’iad na gardaí a rinne é’.

In ainneoin na gcruacháis, d’áitigh sé freisin nach raibh ‘aon ghá’ leis an aonad oird phoiblí a bheith ann.

D’fhan roinnt dosaen de lucht agóide ag an óstán, cuid acu le placártaí ag rá ‘Is fealltóirí (traitors) iad Rialtas na hÉireann’, tar éis do na hiarrthóirí tearmainn dul isteach ann.

Thuairiscigh thejournal.ie gur iarr cuntas meán sóisialta, a bhain le feachtasóir in aghaidh inimirce, ar dhaoine teacht le chéile ag an suíomh i Ros Cré ag 7pm.

‘Seas suas Ros Cré’ agus ‘Ní ligfimid do fhealltóirí ár dteach a mhilleadh!’, a dúirt siad.

Dúradh sa tuarascáil go raibh an gníomhaí frith-inimirce aitheanta i láthair.


Scéalta Gaeilge ar ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram