Blame game ar siúl idir airí sinsearacha mar gheall ar an nganntanas lóistín

19/05/2023

Tá ‘blame game’ ar siúl idir airí sinsearacha sa Rialtas mar gheall ar an nganntanas lóistín d’imircigh.

Tá an tAire Lánpháirtíocht Roderic O’Gorman, den Chomhaontas Glas, curtha faoi bhrú ó airí sinsearacha i bhFianna Fáil agus i bhFine Gael.

Ag an gComh-aireacht (Cabinet) an tseachtain seo, éilíodh nár bhain Roinn Lánpháirtíocht an Uasail O’Gorman leas as gach áit chónaithe (accommodation) a cuireadh ar fáil do dhídeanaithe agus d’iarrthóirí tearmainn (refugees and asylum seekers).

Agus dúirt an Taoiseach go raibh cúnamh ‘ar fáil’ do an tUasal O’Gorman, aon uair a d’iarr sé ar cúnamh.

Ach thug an tUasal Ó Gormáin le fios, áfach, go raibh tuilleadh tacaíochta ag teastáil uaidh.

Darragh OBrien Housing Feature 768x448 1
Darragh O’Brien

Dúirt sé go gcaithfidh na hAirí go léir ‘níos mó a dhéanamh’ chun cabhrú leis an ngéarchéim a réiteach.

Is cosúil go bhfuil sé ag teacht salach ar an Aire Tithíochta Darragh O’Brien freisin.

Tuigtear gur inis an tUasal O’Brien don Uasal O’Gorman ag an gComh-Aireacht gur cheart dá Roinn breis aonad pod a chur ar fáil.

Ach dúirt an tUasal O’Gorman go raibh ról lárnach ag Roinn Tithíochta an Uasail O’Brien maidir le réitigh tithíochta meántéarmacha agus fadtéarmacha a aimsiú nuair a bhí gá le ‘mór-athchóirithe (renovation)’.

Dúirt sé: ‘Tá ár Roinn tar éis glacadh le haon tairiscint ar áit chonaithe  inúsáidte atá faighte againn.

‘Tá iarbheairic (former barracks) á n-úsáid againn, táimid ag baint úsáide as foirgnimh oifige athchóirithe, ag baint úsáide as áiseanna oideachais, beidh muid ag baint úsáide as lóistín na mac léinn, aon rud is féidir a úsáid mar nílimid ag iarraidh daoine a fheiceáil ar na sráideanna.’

Ach tá brú ag méadú ar an Uasal O’Gorman, seachas ar an Uasal O’Brien, an ghéarchéim a réiteach.

Dúirt Seanadóir an Chomhaontais Ghlais, Róisín Garvey, go raibh an tAire O’Gorman ‘caite faoin mbus’ ag a chomhghleacaithe Comh-aireachta.

roisin garvey 480x672 1
Róisín Garvey

Tá teannas freisin idir Aire Sóisearach an Chomhaontais Ghlais um Lánpháirtíocht Joe O’Brien agus oifig an Taoisigh.

Agus an agóid atá ar siúl i dTheach Magowna san Inse i gCo. an Chláir ag súil le leanúint ar aghaidh, tá sé ráite ag muintir na háite nach bhfuil aon chumarsáid faighte acu ón Rialtas.

Dúirt an tUasal O’Brien go bhfuil sé ag fanacht le míonna le plean cumarsáide a fháil ó Roinn an Taoisigh maidir le conas dul i dteagmháil le pobail áitiúla.

Dúirt sé go bhfuil an Roinn ag dréachtú straitéis cumarsáide ach nár tugadh chun críche í go fóill.

D’éiligh ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialacha Holly Cairns go bhfuil an Comh-Aireachta ‘ag cogadh’ ar an gceist, agus í ag cur síos ar fhreagairt an Rialtais ar an ngéarchéim mar ‘chaotic’.

Dúirt sí go bhfuil fíor-eagla ann go ndéanfar radhairc a chonacthas i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine – áit ar cuireadh imircigh as a bpubaill – arís.

Aréir, bhí an tUasal Ó Gormáin cinnte ina thuairim go rachadh ionad lóistín na n-imirceach san Inse ar aghaidh.

D’fhógair sé freisin go bhfuil trí ionad nua cóiríochta le hoscailt i mBaile Átha Cliath – ag an iar-Choláiste Sinsearach ar Ascaill Eblana i nDún Laoghaire, Eastát Tionsclaíochta Airways i Seantrabh (Santry) agus Teach Dolcáin i gCluain Dolcáin.

Maidir le pods a úsáid, dúirt sé go raibh suíomh roghnaithe sa Mhuileann gCearr (Mullingar) ina mbeidh 50 pod do 200 duine.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram