Tá tús curtha ag Apple le híocaíochtaí a dhéanamh i gcás cúirte aicme (class action) a bhí ar siúl le fada mar gheall ar éilimh gur mhoilligh siad iPhones áirithe sna Stáit Aontaithe d’aon ghnó.
Gheobhaidh gearánaithe (complainants) píosa de shocrú (settlement) $500m (€456m) a áireoidh thart ar $92 (€84) an duine.
D’aontaigh Apple an cás dlí a shocrú in 2020, ag rá ag an am gur shéan siad aon éagóir ach go raibh imní orthu faoi chostas leanúnach na dlíthíochta.
Tá cás comhchosúil ar siúl sa Bhreatain ag lorg £1.6bn (€108bn) mar chúiteamh.
Téann cás Mheiriceá siar go dtí mí na Nollag 2017, nuair a dheimhnigh Apple amhras a bhí ann le fada an lá i measc úinéirí fón, trína admháil gur mhoilligh siad roinnt iPhones d’aon ghnó agus iad ag dul in aois.
Dúradh, de réir mar a chuaigh cadhnraí (batteries) in aois, gur tháinig laghdú ar a bhfeidhmíocht, agus gur chuir an ‘moilliú’ le saol na nguthán a bheith níos faide.
Ach cúisíodh é as feidhmíocht iPhones áirithe a mhilleadh gan insint dá chustaiméirí, agus mar thoradh ar na gearáin thairg (offered) Apple athsholáthar ceallraí (replacement batteries) saor chun an fhadhb a réiteach.
Ba é ba chúis leis an gcaingean dlí (court action).
Ag am an tsocraithe, measadh go bhféadfadh go bhfaigheadh gach duine chomh beag le $25 an duine ach is cosúil go bhfuil sé beagnach ceithre oiread an tsuim sin.
Sa Bhreatain, chaill Apple tairiscint chun cosc a chur le cás dlí den chineál céanna i mí na Samhna seo caite.
Tá baint ag tuairim is 24 milliún úsáideoir iPhone leis an gcás a thug Justin Gutmann don chéad uair i mí an Mheithimh 2022.
Thug Apple ‘baseless’ ar an gcúirt roimhe seo agus dúirt siad: ‘Níor dheineamar – agus ní dhéanfaimis go deo – aon rud chun saol aon táirge Apple a ghiorrú d’aon ghnó, nó chun eispéireas an úsáideora a dhíghrádú’.
Ach murab ionann agus an socrú Meiriceánach, nach raibh i bhfeidhm ach ar fheistí sna raonta iPhone 6 agus 7, lorgaíonn cás na Breataine damáistí freisin dóibh siúd a raibh feistí iPhone 8, 8 Plus agus X acu.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.