Thug toscairí (delegates) ó gach cearn den domhan bualadh bos tar éis comhaontú stairiúil ag cruinniú aeráide na Náisiún Aontaithe i Dubai.
Tháinig an comhaontú i ndiaidh caibidlíochtaí deacra nuair a bhagair toscairí an Aontais Eorpaigh, le Aire Comhshaoil na hÉireann Eamon Ryan, éirí as na cainteanna gan aon chomhaontú.
Don chéad uair, iarrann an comhaontú ar gach tír bogadh amach ó úsáid breoslaí iontaise (fossil fuel) – ach níor dúirt sé go gcaithfí deireadh a chur leo de réir a chéile (phased out), rud a theastaigh ón Aontas Eorpach agus go leor rialtas.
Aithnítear sa téacs, áfach, go bhfuil gá le laghduithe domhain, tapa agus marthanacha (sustained) má tá an chine daonna chun arduithe teochta a theorannú go 1.5C.
‘Le chéile thugamar aghaidh ar réaltachtaí agus chuireamar an domhan sa treo ceart,’ a dúirt Uachtarán COP28 Sultan Ahmed Al-Jaber tar éis an chomhaontaithe.
Chuir an Danmhairg (Denmark) síos ar an gcomhaontú mar rud stairiúil, tar éis d’aire aeráide na hIorua (Norway) Espen Barth Eide a rá roimhe sin go raibh breoslaí iontaise ‘an eilifint sa seomra’ ag an gcruinniú idirnáisiúnta.
Níor aontaigh na náisiúin ríamh ag aon chomhdháil roimhe seo de chuid na bpáirtithe, nó COP, ar aistriú comhbheartaithe ag cuir deireadh le ola, gás agus gual amach anseo.
Tiomáineann dó breoslaí iontaise téamh domhanda, rud a chuireann na milliúin daoine i mbaol. Go dtí seo, níor aontaigh rialtais le chéile deireadh a chur leo.
‘Tá an bonn againn le hathrú bunathraithe a dhéanamh,’ a dúirt an Sultan Al Jaber i Dubai sular glacadh leis an comhaontú, rud a spreag na toscairí chun ardú agus bualadh bos a thabhairt.
Níos luaithe sa tseachtain bhí Aire Rialtas na hÉireann Eamon Ryan i mbun caibidlíochta faoin gcath in aghaidh breosla iontaise (fossil fuel) agus thug sé foláireamh do na tíortha cumhachtacha, atá ag iarraidh an t-athrú a mhoilliú, go bhféadfadh go dteipfeadh ar na cainteanna mar gheall ar seasamh na tíortha sin.
Bhí fearg ar an Uasal Ryan agus ar ionadaithe eile an Aontais Eorpaigh, ag na cainteanna, tar éis gur foilsíodh dréacht- cháipéis (draft document) a bhí ‘lag’.
Ní raibh focail sa dréacht-cháipéis a bhí i dtéacs roimhe sin agus a bhí ag tabhairt le tuiscint go bhféadfaí deireadh a chur le breoslaí iontaise ‘de réir a chéile’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.