Interpol ag fiosrú CEO Éireannach faoi líomhain ‘money laundering’ le haghaidh Kinahan cartel

Tá CEO Éireannach faoi imscrúdú ag Interpol agus an National Crime Agency (NCT) sa Breataine faoi líomhain sciúradh airgid (money laundering) do Kinahan cartel, de réir tuairisc san Irish Daily Mail.

Tá amhras go bhfuil an gnólacht atá taobh thiar d’aistriú agus sciúradh airgid ar fiú breis agus €1 milliún é ar son na droinge Kinahan. Tugann an gnólacht comhairle ar bhainistiú airgid dá chliaint an-saibhir.

Cé gurb iad Interpol agus an NCT na príomh-imscrúdaitheoirí ar an ábhar, tá an Garda Síochána i mbun idirchaidrimh freisin leis na gníomhaireachtaí seo mar chuid den fhiosrúchán.

Daniel Kinahan 2
Daniel Kinahan

Baineann ceann de phríomhghnéithe an imscrúdaithe le líomhain  gur bhunaigh an gnólacht comhlacht caoch (shell company).

Dúirt foinsí leis an Irish Daily Mail go bhfuil an t-imscrúdú ag díriú go mór ar cheannasaí an chomhlachta, ar as Éirinn é.

Tá taifid a bhaineann le haistriú airgid thirim (cash) agus sócmhainní (assets) trí na cistí seo á scrúdú agus tá ‘tosca suntasacha’ eile á bhfiosrú, de réir na bhfoinsí.

Baineann gné amháin den fhiosrúchán le cumarsáid idir an chuideachta agus an Kinahan Organised Crime Gang.

Cé go gcreideann oifigigh shinsearacha nach raibh aon chumarsáid dhíreach idir ceannaire na cuideachta agus Daniel Kinahan, táthar ag breathnú ar fhoirmeacha indíreacha eile cumarsáide, mar shampla ríomhphoist a sheol tríú páirtí chuig an gcuideachta.

Dúirt an fhoinse: ‘Déileálann an chuideachta seo leis na mílte euro in aghaidh na bliana agus láimhseálann sí airgead na mbilliúinéirí.

‘Níor tháinig sé ar aird an Gharda Síochána ach le cúpla mí anuas tar éis don NCA agus Interpol teagmháil a dhéanamh maidir le hairgead tirim a aistriú.’

Dúirt an fhoinse: ‘Chomh maith leis sin, tá siad ag féachaint ar aon déileáil a d’fhéadfadh a bheith amhrasach a bhí ag an bhfear seo agus é ina chónaí in Éirinn.

‘Is é príomhéirim a bhfuil ag tarlú ná go bhfuiltear á chur ina leith as cuideachta tosaigh a bhunú i Dubai ina bhfuil airgead tirim agus sócmhainní arna rialú ag buíon Kinahan á sciúradh.’

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram