Bhí botún mór déanta ag oifigigh ó Roinn Ceartúcháin North Carolina mar gheall ar scaoileadh saor athair agus iníon, Molly agus Tom Martens, a ciontaíodh as marú Jason Corbett ina theach cónaithe sna Stáit Aontaithe.
Ní scaoilfear an bheirt, a ciontaíodh as dúnorgain, as an bpríosún go luath anois tar éis botún faoi dhátaí scaoilte.
Chuir an Breitheamh David Hall pianbhreith idir seacht agus 30 mí ar Molly Martens agus a hathair, Tom Martens, an mhí seo caite, as dúnorgain Jason Corbett in 2015, leis an t-am a chaith siad sa phríosún cheana féin curtha san áireamh.
Ní scaoilfear an t-athair agus an iníon saor an tseachtain seo ach ina ionad sin beidh siad saor i mí an Mheithimh na bliana seo chugainn, tar éis d’oifigigh phríosúin a bheith mí-áirithe ar dtús maidir le cén dáta ba cheart dóibh a bheith scaoilte.
Dheimhnigh oifigigh an ionaid choinneála an nuashonrú chuig ionad craolta North Carolina WXII12 News, ag rá nach scaoilfear na Martens as príosún an tseachtain seo.
De réir Phríosúin Chontae Davidson rinne an Roinn Ceartúcháin mí-áireamh (miscalculation)ar na dátaí scaoilte Martens.
Labhair iníon an Uasail Corbett, Sarah atá 17 mbliana d’aois anois, faoin mbotún. Scríobh sí ar X (Twitter) faoin bpian agus faoin mearbhall.
Agus phostáil a haintín Marilyn Corbett ar Facebook: ‘Conas a d’fhéadfadh sé seo tarlú? Go gairid ó shin deimhníodh gur shíl na meáin go scaoilfí (na Martens) agus anois botún a bhí ann ar fad.’
Cuireadh an tUasal Corbett chun báis i seomra leapa a thí i North Carolina an 2 Lúnasa 2015.
Ciontaíodh na Martens as dúnmharú dara céime ach cuireadh na ciontuithe sin ar ceal tar éis achomharc chuig Cúirt Uachtarach North Carolina dhá bhliain ó shin.
Ghlac an t-athair, atá ina iar-ghníomhaire de chuid an FBI, agus a iníon, margadh pléadála an mhí seo caite.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.