Fillfidh marfóirí Jason Corbett, Molly Martens agus a hathair Thomas, ar an bpríosún tar éis triail mhothúchánach a chuir fearg ar leanaí Jason, a rinne Molly iarracht uchtú (adopt).
Chuir siad isteach freisin ar theaghlach chéad bhean Jason, nuair a rinne siad iarracht a éileamh gur mharaigh sé í.
Tar éis lá mhothúchánach deiridh dá n-éisteacht pianbhreithe, tugadh an bheirt acu as cúirt i North Carolina ar Dé Céadaoin.
Gearradh pianbhreith idir seacht agus 30 mí orthu as dúnorgain deonacha (voluntary manslaughter) an athair beirt leanaí as Luimneach.
Mar sin féin, tá sé seo sa bhreis ar na trí bliana go leith a chaith an t-iar nanny agus a hathair, a bhí san FBI, i bpriosúin cheana féin, tar éis a bheith ciontaithe roimhe sin i ndúnmharú.
Bhí an chuma ar Molly Martens go raibh sí trína chéile le linn na héisteachta, agus í ag caoineadh nuair a cáineadh í i ráiteas tionchair íospartaigh (victim impact statement) ag leanaí Jason, Jack agus Sarah, beirt a ndearna sí iarracht iad a uchtú.
Dúirt Jack gur ‘monster’ í agus dúirt sé féin agus Sarah go rinne an Martens a gcuid focal a ‘armáil (weaponise)’ i gcoinne a n-athar.
Ní dhearna teaghlach Corbett aon trácht agus iad ag fágáil na cúirte, seachas deirfiúr Jason Tracey Corbett-Lynch a dúirt ‘nach lá le ceiliúradh é seo’.
Dúirt Sarah, atá 17 mbliana d’aois anois, ina ráiteas : ‘Ní dúirt mé riamh nach raibh grá agam do Molly Martens ach tar éis di mo ghrá di a armáil is féidir liom seas anseo inniu agus abair nach bhfuil grá agam do Molly agus nach í mo mháthair í.
‘Nuair a bhí mé cúig bliana d’aois, dúirt sí liom gur mharaigh m’athair mo mham. Cé a insíonn do leanbh cúig bliana d’aois gur mharaigh a hathair a mamaí? Bhain Molly gach rud uaim.’
Dúirt Jack, atá 19 mbliana d’aois anois go bhfuil ‘monster’ ag lurcadh i Molly. ‘Bhris sí síos go córasach mé … Cuireadh armáil ar mo chuid focal chun cabhrú le Molly agus Tom Martens.’
Cuireadh Molly Martens ar fhaire féinmharaithe, agus measúnú síciatrach iomlán le déanamh uirthi.
An tseachtain seo caite, ghlac na Martens le pléadáil maidir le dúnorgain deonach mar gheall ar mharú an athair de bheirt as Luimneach.
Cuireadh ar a dtriail agus ciontaíodh iad roimhe seo ar chúisimh i ndúnmharú dara céim agus dúnorgain deonach. Cuireadh pianbhreith 20 agus 25 bliain orthu.
Níor shéan siad riamh gut mharaigh siad Jason ach dúirt siad to raibh féinchosaint i gceist.
In 2020 chuir cúirt achomhairc na ciontuithe ar neamhní agus d’ordaigh atriail.
Scaoileadh an bheirt ón bpríosún in 2021 tar éis thart ar thrí bliana go leith.
Fuarthas Jason Corbett báis i bpríomhsheomra leapa a theach i Lexington i mí Lúnasa 2015.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.