Freagraíonn an tAire Gaeltachta O’Donovan cáineadh an OPW ó Charlie Flanagan

19/11/2023

Chosain an tAire Gaeltachta Patrick O’Donovan an OPW tar éis cáineadh ó Charlie Flanagan ag cruinniú de chuid Fhine Gael

Bhí Aire na Gaeltachta Patrick O’Donovan sáite in aighneas le hiar-Aire Dlí agus Cirt, , de réir an Irish Daily Mail, agus is baill d’Fhine Gael an bheirt acu.

Patrick O'Donovan
Patrick O’Donovan

Thosaigh an deacracht idir an dá Theachta Dála de chuid an Rialtais, Charlie Flanagan agus O’Donovan, nuair a cháin Flanagan Oifig na nOibreacha Poiblí (Office of Public Works, OPW) ag cruinniú páirtí parlaiminte.

Cé go mbíonn cruinniú dá leithéid ar siúl go príobháideach, tá sé tagtha chun solais gur fhreagair an tUasal O’Donovan, atá ina aire sóisearach atá freagrach as an OPW, cáineadh an Uasail Flanagan, dar leis an Irish Daily Mail.

Dúirt foinsí: ‘Sheas Flanagan suas agus bhí “swipe” maith aige in  aghaidh an OPW. Níor luaigh sé ainm Patrick O’Donovan, ach ba “swipe” é in a aghaidh.

‘Bhí sé ag rá nach raibh siad maith go leor.’

Charlie Flanagan
Charlie Flanagan

De réir na bhfoinsí a tuairiscíodh san Irish Daily Mail, dúirt Flanagan nach raibh siad in ann tithe modúlach (modular homes) a sheachadadh agus nach raibh aon mhuinín aige gur féidir leo na seirbhísí cúirte a sholáthar.

Dúirt na foinsí nach raibh O’Donovan ag an gcruinniú sin ach labhair sé ag an gcruinniú an tseachtain dár gcionn – agus nach raibh Flanagan ag an gcruinniú sin.

Dúirt siad gur liostaigh O’Donovan na rudaí atá déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí, a mhalairt go díreach a bhí le rá ag Flanagan an tseachtain roimhe sin.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram