Tá sé beartaithe ag RTÉ líon na foirne a laghdú oiread agus 400 sa dá bhliain atá romhainn, de réir tuairisce ar shuíomh idirlín nuachta RTÉ.
Caillfear na poist trí iomarcaíocht dheonach (voluntary redundancy) faoi phlean a cuireadh faoi bhráid an Rialtais. Meastar go gcosnóidh an scéim seo thart ar €40 milliún.
Tá sé mar aidhm ag an bplean freisin costais oibriúcháin a laghdú de thart ar €10 milliún an bhliain seo chugainn, de réir an tuairisc.
Tá roinnt seirbhísí le laghdú agus beidh níos mó léiriúcháin (production) i gCorcaigh agus i réigiúin eile sna blianta amach romhainn.
Biedh níos mó ábhar le cruthú ag an earnáil neamhspleách agus d’fhéadfaí deireadh a chur le seirbhísí ar nós RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ Pulse agus RTÉ 2XM.
I ráiteas dúirt RTÉ tráthnóna Dé Luain go bhfoilseoidh siad a dhoiciméad físe straitéiseach tráthnóna Dé Máirt tar éis cruinnithe le ceardchumainn agus grúpaí ionadaíocha foirne agus tar éis cruinniú faisnéise a bheith acu d’fhoireann RTÉ leis an bPríomh-Stiúrthóir Kevin Bakhurst.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar nach gceadóidh an Rialtas don chraoltóir éirí as a bheith ag feidhmiú.
Dúirt sé go gcreideann sé go soláthraíonn an craoltóir ról riachtanach seirbhíse poiblí chun tosaigh ar a phlean straitéiseach ag dul faoi bhráid an Rialtais.
Dheimhnigh an tUasal Varadkar go bhfuil an plean faighte ag an Aire Meán agus ag ceannairí páirtí an Rialtais, ach nach rachaidh sé os comhair an Rialtais fós.
Dúirt sé go gcaithfeadh an Rialtas breathnú ar dhá cheist; agus tá an chéad cheann faoi an €40 milliún atá ag taisteáil ag RTÉ.
Ansin tá an cheist níos leithne faoi chuma RTÉ amach anseo agus conas a dhéanfar é a mhaoiniú.
Bheadh ar an Rialtas breithniú ceart a dhéanamh ar na cúrsaí seo agus níl aon suimeanna cruinn maoinithe do RTÉ aontaithe go fóill, a dúirt sé.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.