Ní bhfuair an chéad bhean chéile Jason Corbett bás de bharr taom asma (asthma attack), tá sé curtha in iúl ag éisteacht dúnorgain (manslaughter hearing) sna Stáit Aontaithe.
Dúirt saineolaí leighis a choimisiúnaigh ionchúisitheoirí nach féidir a rá cén chaoi ar bhásaigh sí.
Dúirt an Dr George Nichols, iar-phríomhscrúdaitheoir leighis i Kentucky, go raibh seans ann gur dúnbhású (homicide) a bhí i mbás Margaret Corbett in 2006.
Bhí sé ag tabhairt fianaise sa chúirt i Lexington, North Carolina, ar thuairim an dochtúir i Luimneach a rinne an scrúdú bás faoi Margaret Corbett.
Dúirt an Dr Nichols go dtiocfadh fás ar na scamhóga i dtaom marfach asma mar gheall ar neamhábaltacht (inability) gáis a éalú.
Dúirt sé nach raibh aon tagairt do staid na scamhóg sa tuarascáil phaiteolaíochta ó Éirinn.
Nuair a fiafraíodh de faoi éilimh a rinne beirt fhinnéithe saineolacha cosanta go raibh seans ann gur dúnbhású ba chúis le bás Ms Corbett, dúirt an Dr Nichols go mb’fhéidir go bhfuil sé sin fíor.
Dhiúltaigh an Dr Nicholls, áfach, fianaise ó shaineolaí cosanta ar iarracht líomhnaithe go raibh tachtadh (strangulation) i gceist ar Molly Martens Corbett an oíche a maraíodh an tUasal Corbett.
Dúirt sé go raibh duine de na saineolaithe tar éis rud éigin a d’fhéadfaí a bheith fíor agus dúirt sé go raibh sé sochreidte ach nach raibh aon bhunús leis sin san eolaíocht.
Dúirt an Dr Nichols nár léirigh an t-uatóipse aon fhianaise ar ghortú seachtrach (external injury). Mar sin féin, dúirt sé go raibh an-chuid rudaí nach raibh ann.
Níl Molly Martens Corbett ag dul in aghaidh cúiseamh dúnorgain deonach (voluntary manslaughter) maidir le bás a fir chéile Jason Corbett i mí Lúnasa 2015.
Phléadáil a hathair Thomas Martens ciontach i ndúnorgain deonach.
Tá éisteacht á reáchtáil ag an gcúirt chun na pianbhreitheanna a gheobhaidh siad a chinneadh.
Dúirt abhcóide Molly Martens Corbett leis an gcúirt níos luaithe an tseachtain seo gur chreid a cliant gur maraíodh an chéad bhean ag Jason Corbett.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.