Níl dóthain tithe ann do mhúinteoirí

08/11/2023

Deir Mary Lou McDonald le Leo Varadkar go bhfuil múinteoirí ag dul ar imirce mar nach bhfuil sé d’acmhainn acu tithe a cheannach

Tá an ganntanas múinteoirí i scoileanna ar fud na tíre nasctha leis an easpa tithe, a deir Sinn Féin.

An tseachtain seo, tugadh le fios go bhfuil 800 post teagaisc folamh ar fud na tíre.

Ag labhairt di sa Dáil le linn Cheisteanna na gCeannairí, dúirt Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin: ‘Léiríonn an taighde is déanaí seo go bhfuil cumas múinteoirí saol maith a thógáil buailte go dona ag an ngéarchéim tithíochta.

Níl dóthain tithe ann
Níl dóthain tithe ann

‘Tá praghsanna tithe ró-ard agus tá cíosanna ag dul i méid i gcónaí.

‘I mBaile Átha Cliath, mar shampla, áit a bhfuil an ganntanas múinteoirí go dona. I mbliana is é an meánphraghas díola ar “semi-D “ tipiciúil ná níos mó ná leathmhilliún euro.

‘Is é an meánchíos i mBaile Átha Cliath ná €2,300 in aghaidh na míosa.’

Dúirt sí go bhfuil ‘an staid ghruama’ seo le sonrú ar fud na tíre, agus dúirt sí: ‘Níl sé d’acmhainn ag múinteoirí teach a fháil ar cíos nó a cheannach gar dá gcuid oibre.

‘Mar sin tá siad ag vótáil lena gcosa agus ag bogadh thar lear chun leas a bhaint as deiseanna nach bhfuil sa bhaile acu.

Leo Varadkar
Leo Varadkar

‘Deir na mílte múinteoirí gurb é an t-aon slí inar féidir leo bogadh amach as teach a dtuismitheoirí ná dul ar imirce.’

Agus é ag freagairt, dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go mbeadh sé i mbun caibidlíochta nua pá le múinteoirí sna seachtainí beaga amach romhainn agus go bhfuil an Rialtas ag tógáil 30,000 teach nua gach bliain.

Dúirt sé freisin gur mhéadaigh siad an creidmheas cíosa go €750 in aghaidh na bliana do chíosóirí.

Mary Lou McDonald
Mary Lou McDonald

Sheol Sinn Féin a doiciméad polasaí tithíochta inné.

Dúirt Eoin Ó Broin, urlabhraí tithíochta an pháirtí go mbeidh ‘tairiscint an-soiléir’ ag Sinn Féin do na vótóirí sa chéad toghchán eile’, dar leis an Irish Daily Mail.

Dúirt sé: ‘Tá ár mbuiséad malartach dírithe ar thithe inacmhainne a sholáthar.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram