Ceaptar anois go bhfuil Emily Hand, an cailín Éireannach-Iosraelach, ar chreid a hathair gur maraíodh í in ionsaí Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, beo agus go bhfuil sí i ngiall in Gaza.
Chuir fórsaí Iosrael an teaghlach ar an eolas faoi fhorbairtí Emily Hand, atá ocht mbliana d’aois, roinnt laethanta ó shin, a dúirt a deirfiúr Dé Domhnaigh.
Dúirt Natalie Hand le Channel 12 san Iosrael go raibh an teaghlach i turraing nuair a fuair siad an nuacht.
‘Dúradh linn gur dúnmharaíodh í. Bhíomar ag caoineadh,’ a dúirt sí san agallamh. ‘Ansin dúirt siad linn go raibh gach seans ann go raibh sí gafa.’
San agallamh, labhair Natalie go díreach le Emily.
‘Ba mhaith liom a rá leat go bhfuil gach rud á dhéanamh againn chun tú a thabhairt abhaile. Tá a fhios againn go bhfuil tú á gcoinneáil mar ghiall. Tá grá mór againn duit agus fada uainn thú,’ a dúirt sí.
Tá sé tugtha le fios ag RTÉ go bhfuil sé curtha in iúl do mhuintir Hand go bhfuil ‘ard-fhéidearthacht’ ann go bhfuil Emily i nGaza.
Tá sé deimhnithe ag Ambasáid na hÉireann chun Iosrael go gcreidtear go raibh Emily gafa.
Bhí Emily ag fanacht i dteach cara sa Kibbutz Be’eri nuair a tharla ionsaí an 7 Deireadh Fómhair.
Creideadh gur maraíodh Emily, a cara agus máthair a cara.
Sna laethanta ina dhiaidh sin, thug athair Emily, Thomas, agallamh briseadh croí do CNN, am ar bhris sé síos le deora agus chuir sé síos ar a faoiseamh (relief) gur dhúnmharaíodh a iníon ag fir gunnaí Hamas seachas í a bheith ina ngiall.
D’inis an tUasal Hand faoin nóiméad a d’fhoghlaim sé go bhfuarthas corp a iníne.
Dúirt sé: ‘A dúirt siad, “Fuair muid Emily. Tá sí marbh,” agus dúirt mé díreach tar éis “Iontach! (Yes!)” Duirt mé “Iontach! (Yes!)”, mar is é sin an nuacht is fearr ar féidir a bheith ann.’
‘Bhí sí marbh, nó in Gaza.’
Físeán fíorbhrónach: ‘Is beannacht é bás m’iníon, 8′ a deir athair Éireannach in Iosrael
‘Agus má tá a fhios agat cad a dhéanann siad le daoine in Gaza, is measa é sin ná an bás.’
Rugadh an tUasal Hand i nDún Laoghaire agus bhog sé go hIosrael breis agus 30 bliain ó shin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.